Agus annsa ceathramhadh Bliadhain déug tainic Chedorlaomer, agus na righthe do bhí na fhochair, agus do bhuáileadur na Rephamigh an Asterot Carnaim, agus na Susimigh ann Ham, agus na Hemimigh an Sabheh Ciriataim,
Agus do fhilleadar, agus tangadar go henmispat, eadhon Cádes, agus do bhuáileadur crioch na Namaleciteach uile, agus mar sin na Hamoritigh, do aitreabhuigh Haseson-tamar.
Agus do chuaidh amach ann sin righ Sodom, agus righ Gomorrah, agus righ Admaih, agus righ Seboiim, agus righ Béla eadhon Soar; agus dfhearadar cath ríu a ngleann Siddim.
Agus do bhí gleann Siddim lán do lóguibh pice talmhuidhe; agus do theithrigh Sodom agus Gomorrah, agus do thuiteadur ionta sin; agus an mhéid do mhair do theitheadar fán tsliábh.
Agus táinig áon do chuáidh as, águs dinnis do Abram an teabhruidheach; óir do áitribh sé a réiteach Mhamre, an Tamoriteach, dearbhrathair Escoil, agus dearbhrathair Aner: agus do bhádur so a ccomhcheangal re Abram.
Agus a nuair do chúaluidh Abram go raibh a dhearbhrathair gabhtha na phriosúnach, do ármhuigh se a sherbhísigh soighdiurtha rugadh ann a thigh féin, trí chéud agus ochd bhfir dhéug, agus do thóruigh iadsan go Dan.
Agus do roinn é féin na naghaidh, é féin agus a sherbhísigh sa noidhche, agus do bhuail iád, agus do lean orra go Hoba, atá ar an laimh chlé do Dhamascus.
Agus do chuaidh rígh Sodom amach na choinne tar éis filledh ó mharbhadh Chedorlaomer, agus na righthe do bhí na fhochair, an gleann Sabheh, eadhon gleann an rígh.