Andiaigh na neitheannso táinig briathar an TIGHEARNA chum Abram a dtaisbeanadh, ag rádh, Ná himeagluidh a Abram: is misi do scíath, agus do luáidheachd romhór.
Agus a dubhairt Abram, A TIGHEARNA Día, cread do bhéura tú dhamh, ó táim ag imtheachd gan chloinn, agus gurob é ann Teliezer so ó Dhamascus feamanach mo thighe?
Agus tug leis amach é, agus a dubhairt, Féuch annois air neamh, áirimh na réulta, más éidir leachd a náireamh: agus a dubhairt sé ris; as marso bhías do shíol.
Agus a dubhairt ris, Glac dhamhsa colpach thrí mblíadhan daóis, agus gabhar baineann thri mblíadhan dáois, agus reithe thrí mbliadhan dáois, agus turtair agus colum óg.
Agus a dubhairt ré Abram, Bíodh a fhios agad go dearbhtha go mbiáidh do shiol na coimhightheacha a ndúthaigh nach léo féin, agus do dhéanuid seirbhis dóibh; agus go mbéid a ndáoirse aca ceithre chead blíaghan;
Agus tárla, a nuáir do chuáidh an ghrían fáoi, agus go raibh dorcha, féuch fuirnis dheatcha, agus tóirsile theinidh, noch do imthigh thríd na codchuibh sin.
Annsa ló cheudna sin do rinne an TIGHEARNA cuimradh ré Abram, dhá rádh; Dot shíolsa thug mé an tírsi, ó abhuinn na Héigipte go nuige an sruth mór, sruth Euphrátes: