agus cuirfidh mé faoi bhrí na mionn thú, dar an Tiarna, Dia neimhe agus talún, gan bean a fháil do mo mhac ó iníonacha na gCanánach a bhfuil cónaí orm ina measc
D' fhreagair an searbhónta é: «B' fhéidir nárbh áil leis an mbean teacht liom chun na dúiche seo; ansin cad a dhéanfainn? An gcaithfinn ansin do mhac a bhreith ar ais chun na tíre as ar tháinig tú?»
«An Tiarna, Dia neimhe [agus talún], thug sé mise amach ó theach m' athar agus ó thír mo chine, agus mhionnaigh dom á rá: 'Do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo'; seolfaidh seisean a aingeal romhat amach agus gheobhaidh tú bean do mo mhac sa tír sin.
Rug an searbhónta deich gcinn de chamaill a mháistir leis agus a rogha de gach sórt de thogha maoine a mháistir agus chuir sé chun bóthair i dtreo Arám na nAibhneacha, go cathair Náchór.
Um tráthnóna, faoin am go dtagann na mná amach ag triall ar uisce, chuir sé na camaill ina luí ar a nglúine ag an tobar fíoruisce lasmuigh den chathair.
An cailín a ndéarfaidh mé léi dá bhrí sin: 'Leag do chrúsca ar an talamh agus lig dom deoch a ól,' agus a fhreagróidh: 'Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith,' go mba ise, guím thú, an bhean atá roghnaithe agat do do shearbhónta Íosác. Uaidh seo beidh a fhios agam go bhfuil tú cineálta le mo mháistir Abrahám.»
Is ar éigean a bhí na focail sin ráite aige nuair a tháinig Ribeacá amach agus crúsca ar a gualainn aici. Ba í iníon Bhatúél mac Mhilceá bean dheartháir Abrahám, Náchór.
Scaoil sí a raibh d' uisce ina crúsca isteach san umar ansin go deifreach agus rith léi go dtí an tobar arís ag triall ar uisce, agus tharraing sí dóthain a chamall go léir.
Nuair a bhí deireadh olta ag na camaill, rug an fear ar fháinne óir a mheáigh leathsheicil [agus chuir ar a srón é]; agus chuir dhá bhráisléad a mheáigh deich seicil óir ar a lámha.
á rá: «Moladh leis an Tiarna, Dia do mháistir Abrahám! óir níor stad sé ach ag déanamh cineáltais agus maitheasa do mo mháistir. Sheol an Tiarna mé caol díreach go teach ghaolta mo mháistir!»
A luaithe a chonaic sé an fáinne agus na bráisléid a bhí á gcaitheamh ag a dheirfiúr, agus gur chuala sé a ndúirt Ribeacá a dheirfiúr: «A leithéid seo ar sé liom,» chuaigh sé go dtí an fear; agus, féach! bhí seisean ina sheasamh lena chamaill ag an tobar.
«Tar isteach,» ar sé, «tusa a bheannaigh an Tiarna; cad a ba áil leat i do sheasamh anseo amuigh? óir tá an teach i gcóir duit agus áit do do chamaill.»
«Is éachtach mar a bheannaigh an Tiarna mo mháistir; is an-saibhir an fear anois é. Thug sé dó táinte agus tréada, airgead agus ór, daoir agus daoirseacha, camaill agus asail.
Ach d' fhreagair sé: 'An Tiarna, a siúlaim ina fhianaise, seolfaidh sé a aingeal farat d' fhonn go n-éireodh do bhóthar leat agus gheobhaidh tú bean do mo mhac ó mo mhuintir agus ó theach m' athar.
«Tháinig mé inniu dá réir sin go dtí an tobar agus dúirt mé: 'A Thiarna, a Dhia mo mháistir Abrahám, taispeáin dom an bhfuil do bhail á cur agat ar an ród ar a dtriallaim.
Seo mé i mo sheasamh ag an tobar fíoruisce: an ógbhean dá bhrí sin a thiocfaidh amach ag triall ar uisce agus a ndéarfaidh mé léi: Tabhair dom deoch bheag uisce as do chrúsca, le do thoil, agus a déarfaidh:
Sula raibh deireadh ráite agam liom féin, ba sheo amach Ribeacá agus a crúsca ar a gualainn; síos léi chun an tobair agus tharraing. ' Tabhair dom deoch le do thoil,' arsa mise léi.
Lig sí a crúsca dá gualainn gan mhoill agus dúirt: 'Bíodh deoch agat, agus tabharfaidh mé deoch do do chamaill chomh maith.' D' ól mé deoch dá bhrí sin agus thug sí deoch do na camaill leis.
Chuir mé ceist uirthi: 'Cé hé d' athair?' ' Mise iníon Bhatúél, mac a rug Milceá do Náchór,' ar sí. Chuir mé an fáinne dá bhrí sin ar a srón agus na bráisléid ar a lámha.
Ansin shléacht mé agus d' adhair mé an Tiarna, agus mhol mé an Tiarna, Dia mo mháistir Abrahám, a threoraigh mé le barr cineáltais chun iníon bhráthair mo mháistir a thoghadh dá mhac.
Anois mar sin, más mian libh a bheith dílis ionraic le mo mháistir, insigí dom é; agus mura bhfuil sibh, abraigí ionas go gcasfainn deiseal nó tuathal.»
Bhí bia agus deoch aige féin agus ag a chomhluadar agus chaitheadar an oíche ansiúd. Ar n-éirí dóibh ar maidin dúirt sé: «Scaoiligí ar ais chun mo mháistir mé.»
Chuireadar beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi: «A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort! Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht! Go raibh seilbh ag do shíol Ar gheataí a naimhde.»
Ansin d' éirigh Ribeacá agus a hionailtí agus chuaigh ar muin na gcamall agus lean an fear: rug an searbhónta Ribeacá leis ar an tslí sin agus d' imigh.
agus dúirt leis an searbhónta: «Cé hé an fear úd thall ag siúl an bháin inár dtreo?» «Siúd é mo mháistir,» arsa an searbhónta á freagairt. Thóg sí an fial ansin agus chuir thar a ceannaithe é.