Agus do chloinn na leannán, do bhí ag Abraham, tug Abraham tiodhlaicthe, agus do chuir sé air siubhal íad ó na mhac Isaac, (an fad do bhí fós béo) soirin, don tír shoir.
Agus asíad so bhíadhna sháoghail Ismael, céd agus tríochad agus seachd mbliadhna, agus do thréig a spiorad, agus fuair bás, agus do cruinnigheadh dhá mhuinntir é.
Agus do bhí Isaac ceathrachad bliadhain dáois a núair thug sé Rebecah do mhnaoi, Inghean Bhétuel an Sírianach ó Phadan-aram, deirbhshiúr do Lában an Sírianach.
Agus do ghuidh Isaac an TIGHEARNA air son a mhná, do chionn go raibh sí aimrid, agus do éisd an TIGHEARNA a ghuidhe agus do toirrcheadh a bhean Rebecah.
Agus do rinneadar an chlann ceannaruic a stigh inti; agus a dubhairt sisi, Más mar sin atá, créd as a bhfuilimsi mar so? agus do chuáidh dhá fhíafruighe don TIGHEARNA.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ría, Dá chineadh atá ad bhroinn, agus dha chinéil dáoine dhealóchthar ód chorp; agus biáidh cineadh dhíobh as láidre na an cineadh eile; foigheónuidh an sinnsear don tsósar.
Agus na dhiáigh sin tháinig a dhearbhrathair amach, agus do bhi greim agá láimh ar sháil Esau; agus tugadh Iácob dainm air: agus do bhi Isaac trífichid bliadhan dáois a nuáir do rugadh íadsan.
Agus do fhásadur na buachuillidhe: agus do bhí Esau na fhiadhghuidhe ghlic, duine don mhachaire; agus do bhí Iacob na dhuine shoilléir ag áitreabh a bpuiblibh.
Ann sin tug Iácob arán agus brochán luibhionn dó Esau; agus a duaigh agus do ibh sé, agus do éirigh suas, agus do imthigh roimhe: mar so do tharcuisnígh Esau a cheart beirthe.