Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Bhí gorta sa tír ceann eile seachas é siúd a bhí le linn Abrahám agus chuaigh Íosác go Gearár, go hAibímeilic rí na bhFilistíneach. |
| 2 |
| Thaispeáin an Tiarna é féin dó agus dúirt: «Ná téigh síos go dtí an Éigipt ach fan sa tír a inseoidh mé duit. |
| 3 |
| Fan go fóill sa tír seo agus beidh mise farat agus cuirfidh mé mo bheannacht ort. Óir is duitse agus do do shliocht a thabharfaidh mé na dúichí seo go léir, agus comhlíonfaidh mé an mionn a thug mé do bhur n-athair Abrahám. |
| 4 |
| Cuirfidh mé an rath ar do shíol mar réaltaí neimhe, agus tabharfaidh mé na dúichí seo go léir do do shliocht; agus is trí do shliochtsa a bheannóidh ciníocha an domhain go léir iad féin. |
| 5 |
| Óir bhí Abrahám umhal do mo ghlór agus rinne sé mo réir, chomhlíon sé m' aitheanta agus mo reachtanna agus mo dhlíthe.» |
| 6 |
| D' fhan Íosác i nGearár dá bhrí sin. |
| 7 |
| Nuair a chuir muintir na háite ceist air faoina bhean, d' fhreagair sé: «Is í mo dheirfiúr í,» mar bhí eagla air a rá: «Is í mo bhean í,» le faitíos go gcuirfidís é féin chun báis ar son Ribeacá de bharr feabhas a scéimhe. |
| 8 |
| Tharla, agus tamall fada caite aige ann, gur fhéach Aibímeilic, rí na bhFilistíneach, amach trí fhuinneog agus go bhfaca sé Íosác ag láínteacht lena bhean Ribeacá. |
| 9 |
| Chuir Aibímeilic fios ar Íosác: «Ní foláir nó gurb í do bhean í! Conas mar sin a d' fhéad tú a rá: 'Is í mo dheirfiúr í'?» «Mar go raibh eagla orm,» arsa Íosác leis, «go marófaí mé ar a son.» |
| 10 |
| «Céard é seo atá déanta agat linn?» arsa Aibímeilic. «B' fhurasta a tharlú go rachadh duine dár muintir chun luí le do bhean agus ansin bheadh coir tugtha sa mhullach agat orainn.» |
| 11 |
| Ansin thug Aibímeilic ordú dá mhuintir go léir: «Aon duine a leagfaidh lámh ar an bhfear seo nó ar a bhean, cuirfear chun báis é.» |
| 12 |
| Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean, |
| 13 |
| agus rinne fear saibhir de agus mhéadaigh ar a mhaoin i gcónaí go dtí go raibh sé an-ghustalach ar fad. |
| 14 |
| Bhí táinte agus tréada agus a lán searbhóntaí aige i dtreo go dtáinig formad ar na Filistínigh leis. |
| 15 |
| Na toibreacha fíoruisce go léir a thochail daoir a athar le linn Abrahám a athair, chaith na Filistínigh cré isteach iontu agus dhún iad. |
| 16 |
| Agus dúirt Aibímeilic le hÍosác: «Imigh leat uainne, mar is cumhachtaí go mor tú ná sinne.» |
| 17 |
| D' fhág Íosác an áit sin agus chuir suas a bhoth i nGleann Ghearár agus chuir faoi ann. |
| 18 |
| Agus thochail Íosác arís na toibreacha fíoruisce a rinne daoir a athar Abrahám, ach a dhún na Filistínigh tar éis bhás Abrahám, agus thug sé na hainmneacha céanna orthu agus a thug a athair. |
| 19 |
| Nuair a thochail daoir Íosác sa ghleann agus go bhfuaireadar tobar fíoruisce, |
| 20 |
| tháinig aoirí Ghearár chun imris le haoirí Íosác á rá: «Linne an t-uisce.» Thug sé Éisic (Aighneas) dá bhrí sin ar an tobar mar go ndearnadar aighneas leis. |
| 21 |
| Ansin thochail siad tobar eile, agus bhí aighneas eatarthu faoi sin leis, agus thug sé Sitneá (Eascairdeas) air. |
| 22 |
| D' fhág sé an áit sin agus thochail sé tobar eile agus ní raibh aon imreas faoin gceann seo, agus thug sé Rachóbót (Fairsinge) air á rá: «Thug an Tiarna fairsinge dúinn anois agus beidh an rath orainn sa dúiche.» |
| 23 |
| Chuaigh sé as sin go Béar Seaba. |
| 24 |
| Thaispeáin an Tiarna é féin dó an oíche sin agus dúirt: «Mise Dia d' athar Abrahám. Ná bíodh eagla ort, óir táimse farat. Beannóidh mé thú agus cuirfidh mé an rath go líonmhar ar do shíol, Ar son mo shearbhónta Abrahám.» |
| 25 |
| Thóg sé altóir don Tiarna ansiúd agus ghlaoigh ar ainm an Tiarna. Chuir sé suas a bhoth ann agus thochail daoir Íosác tobar ann. |
| 26 |
| Agus tháinig Aibímeilic ar a thuairisc ó Ghearár agus Achuzat a chomhairleoir agus Fíocol a thaoiseach airm in éineacht leis. |
| 27 |
| Dúirt Íosác leo: «Cad a ba áil libh teacht chugam ós fuath libh mé agus gur chuir sibh chun siúil uaibh mé?» |
| 28 |
| D' fhreagraíodar: «Ba léir dúinn go raibh an Tiarna leat, agus dúramar: Bíodh mionn eadrainn, agus déanaimis conradh le chéile, sinne agus tusa, |
| 29 |
| nach ndéanfaidh tusa aon dochar dúinn, faoi mar nach ndearnamarna riamh aon díobháil duit ach bhíomar i gcónaí cineálta leat agus chuireamar chun siúil tú faoi shíocháin. Anois tá beannacht an Tiarna ort.» |
| 30 |
| Rinne sé fleá dóibh ansin agus chaitheadar bia agus deoch. |
| 31 |
| D' éiríodar go moch ar maidin agus ghlacadar mionn a chéile. Ansin d' fhag Íosác slán acu agus d' imíodar uaidh faoi shíocháin. |
| 32 |
| An lá ceannann céanna tháinig daoir Íosác chuige le scéala an tobair a thochail siad. «Thángamar ar uisce,» ar siad. |
| 33 |
| Thug sé Sibeá (Mionn) ar an tobar dá bhrí sin agus tá Béar Seaba ar an gcathair go dtí an lá atá inniu ann. |
| 34 |
| Nuair a bhí Éasau daichead bliain phós sé Iúidit iníon Bhéirí an Hiteach, agus Básamat iníon Éalon an Hiteach. |
| 35 |
| Ghoill an bheirt bhan seo ar chroí ar Íosác agus ar Ribeacá. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/genesis/026.mp3
50
26