Imigh leat soir go Padan Arám go teach Bhatúél, athair do mháthar, agus tóg ón áit sin duine d' iníonacha Lábán, deartháir do mháthar, mar bhean duit féin.
Go gcuire sé beannacht Abrahám ort féin agus ar do shliocht i do theannta i dtreo go bhfaighidh tú seilbh ar an bhfearann ina bhfuil tú anois, fearann a thug sé d' Abrahám.»
Chonaic Éasau gur chuir Íosác a bheannacht ar Iacób agus gur sheol sé go Padan Arám é chun bean a fháil ann, agus á bheannú dó gur thug sé ordú: «Ná pós bean de mhná na gCanánach»;
Tháinig sé go dtí áit áirithe agus chaith sé an oíche ann mar go raibh an ghrian imithe faoi. Thóg sé cloch de na clocha a bhí ansiúd agus chuir faoina cheann í agus luigh síos mar a raibh sé.
Agus bhí an Tiarna ansiúd ina sheasamh os a chionn agus dúirt: «Mise an Tiarna, Dia Abrahám, d' athair, agus Dia Íosác. Tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht an talamh ar a bhfuil tú i do luí.
Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.
Féach! táim taobh leat agus cosnóidh mé thú cibé áit a ngabhfaidh tú agus seolfaidh mé ar ais chun na tíre seo thú, mar ní scarfaidh mé leat nó go ndéanfaidh mé a bhfuil geallta agam duit.»
D' éirigh Iacób go moch ar maidin dá bhrí sin, agus thóg an chloch a bhí faoina cheann agus chuir ina seasamh í mar ghallán cuimhneacháin, agus dhoirt ola uirthi.
Thug Iacób móid ansin á rá: «Má bhíonn Dia liom agus mé a choimeád slán ar an turas seo ar a dtriallaim, agus bia le hithe a thabhairt dom, agus éadach le caitheamh,