Nuair a chonaic Ráchael nach raibh aon chlann bronnta aici féin ar Iacób, tháinig éad uirthi lena deirfiúr agus dúirt sí lena fear: «Tabhair clann dom nó gheobhaidh mé bás.»
Ghabh Reúbaen amach le linn fómhar na cruithneachta agus fuair sé mandráic sa ghort agus thug chun a mháthar Léá iad. Dúirt Ráchael le Léá: «Tabhair dom cuid de mhandráic do mhic le do thoil.»
Ach d' fhreagair Léá: «Nach leor leat m' fhear a bhreith leat, a rá is gur mian leat mandráic mo mhic a bhreith leat mar an gcéanna.» «Más ea,» arsa Ráchael, «luífidh sé leat anocht ar son mhandráic do mhic.»
Nuair a d' fhill Iacób ón ngort an oíche sin, chuaigh Léá amach ina choinne á rá: «Caithfidh tú teacht isteach chugamsa mar thug mé mandráic do mhic mar íocaíocht ort.» Luigh sé léi dá bhrí sin an oíche sin.
Ansin dúirt Léá: «Bhronn Dia spré mhaith orm. Tabharfaidh m' fhear onóir dom anois mar gur rugas seisear mac dó.» Thug sí Zabúlun mar ainm air dá réir sin.
Óir is éachtach mar a mhéadaigh ar an mbeagán a bhí agat nuair a tháinig mise, agus chuir an Tiarna a bheannacht ort cibé treo inar iompaigh mé, ach cathain a dhéanfaidh mé soláthar do mo theaghlach féin chomh maith?»
«Cad a thabharfaidh mé duit?» arsa [Lábán]. «Ní gá duit aon ní a thabhairt dom,» arsa Iacób; «má dhéanann tú mar a mholaim, cothóidh mé do thréad arís duit agus déanfaidh mé iad a aoireacht.
Rachaidh mé trí do thréad go léir inniu. Tóg as gach caora dhubh (nó ballach nó breac) ar na caoirigh agus gach gabhar ballach nó breac ar na gabhair; bíodh an méid sin agam mar thuarastal.
Freagróidh mo mhacántacht ar mo shon ina dhiaidh seo; nuair a thagann tú chun mo thuarastal a iniúchadh, gach gabhar nach bhfuil ballach ná breac agus gach caora nach bhfuil dubh a gheofar ar mo chuidse, tuigtear gur goideadh iad.»
Ach an lá sin féin thug Lábán chun siúil na poic a bhí ballach nó breac, agus na minseacha a bhí ballach nó breac gach ceann a raibh aon ruainne bán orthu agus gach caora dhubh; chuir sé faoi chúram a chlann mhac iad,
Chuir sé na slata a scumhaigh sé os comhair na gcaorach sna gáitéirí nó sna humair uisce mar a dtagadh na caoirigh chun uisce a ól. Chúpláladh na tréada nuair a thagaidís chun uisce.
Maidir leis na caoirigh, chuir Iacób i leataobh iad agus thug sé aghaidh na dtréad ar a raibh ballach nó dubh de thréad Lábán; agus chuir sé a thréad féin ar leithrigh agus níor chuir sé le tréad Lábán iad.
Nuair a bhíodh balcairí an tréada ag cúpláil, chuireadh Iacób na slata sna humair mar a bhféadfaidís iad a fheiceáil i dtreo go ndeanfaidís cúpláil os comhair na slat.