Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Díneá, an iníon a rug Léá do Iacób, ghabh sí amach ar thuairisc mhná na dúiche sin. |
| 2 |
| Leag Seicim, mac Hamór, an Hiveach, taoiseach na dúiche sin, súil uirthi, d' fuadaigh í agus d' éignigh í, agus choill a clú. |
| 3 |
| Ach líon a anam de shearcghrá do Dhíneá, iníon Iacóib, thit sé i ngrá leis an ógbhean agus labhair léi go cineálta. |
| 4 |
| Dúirt sé lena athair Hamór dá bhrí sin: «Faigh an cailín óg seo dom; teastaíonn uaim í a phósadh.» |
| 5 |
| Chuala Iacób conas mar a coilleadh clú a iníne Díneá, ach bhí a chlann faoi na bánta lena airnéis agus ní dúirt Iacób focal nó gur fhilleadar. |
| 6 |
| Chuaigh Hamór athair Sheicim amach chun labhairt le Iacób. |
| 7 |
| Clann mhac Iacóib, nuair a d' fhill siad on bhféarach agus gur chualadar an scéala, bhí míchéadfa agus fearg orthu, mar gur mhaslaigh Seicim Iosrael ag éigniú iníon Iacóib, coir nárbh fhéidir scaoileadh léi. |
| 8 |
| «Tá anam mo mhic Seicim lán de mhian bhur n-iníne,» arsa Hamór leo, «lig dó í a phósadh, impím oraibh. |
| 9 |
| Déanaigí cleamhnais linn: tugaigí dúinne bhur n-iníonacha, agus tógaigí ár n-iníonacha chugaibh féin. |
| 10 |
| Fanaigí linn agus beidh an tír faoi bhur réir le cónaí ann, nó le gabháil trid, nó le sealbhú.» |
| 11 |
| Dúirt Seicim le hathair agus le deartháireacha an chailín: «Má thuillim bhur ndea-mhéin, tabharfaidh mé daoibh aon ní a iarrfaidh sibh. |
| 12 |
| Iarraigí oiread mar spré agus coibhche orm agus is áil libh; tabharfaidh mé daoibh cibé rud a iarrfaidh sibh; ach ligigí dom an cailín óg a phósadh.» |
| 13 |
| Ansin thug clann mhac Iosrael freagra ar Sheicim agus ar a athair Hamór, freagra cealgach mar gur thruailligh sé a ndeirfiúr Díneá. |
| 14 |
| «Ní féidir linn a leithéid a dhéanamh,» ar siad leo, «ár ndeirfiúr a thabhairt le pósadh d' fhear nach bhfuil timpeallghearrtha, mar ba aithis duinn é. |
| 15 |
| Réiteoimid libh ar aon choinníoll amháin sibh a theacht ar aon dul linne agus gach fireannach agaibh a thimpeallghearradh. |
| 16 |
| Ansin tabharfaimid ar n-iníonacha daoibh, agus tógfaimid bhur n-iníonacha chugainn féin, agus déanfaimid cónaí in bhur measc agus déanfaidh aon chine amháin dínn araon. |
| 17 |
| Ach mura n-éisteann sibh linn, agus timpeallghearradh a ghlacadh, ansin tógfaimid ár n-iníon agus imeoimid linn.» |
| 18 |
| Thaitin a gcuid cainte le Hamór agus le mac Hamór, Seicim. |
| 19 |
| Ní dhearna an t-ógfhear aon mhoill ach an rud úd a dhéanamh, mar ba mhór a ghean d' iníon Iacóib. Ba é leis an té ba mhó onóir i dteaglach a athar ar fad é. |
| 20 |
| Chuaigh Hamór agus Seicim go geata a gcathrach agus labhraíodar le fir a gcathrach: |
| 21 |
| «Tá na fir seo muinteartha linn,» ar siad, «cuiridís fúthu sa tír seo farainn, agus bíodh cead a gcos acu ann, mar féach tá an tír fairsing go leor dóibh. Glacaimis a n-iníonacha le pósadh agus tugaimis ár n-iníonacha doibhsean. |
| 22 |
| Ach ní bheidh na fir seo sásta cur fúthu farainn agus a bheith in aon phobal amháin linne ach ar an gcoinníoll seo amháin: go ndéanfar timpeallghearradh ar gach fireannach inár measc, a ndála féin. |
| 23 |
| A stoc, a maoin, agus a n-eallach go léir, nach linn iad ach aontú leo agus iad a lonnú inár measc?» |
| 24 |
| Ghéill gach duine a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach do Hamór agus dá mhac Seicim; rinneadh timpeallghearradh ar gach fireannach a ghabhadh amach trí gheataí a chathrach. |
| 25 |
| Ar an tríú lá agus iad siúd tinn fós, thóg beirt mhac Iacóib, Simeon agus Léiví, deartháireacha Dhíneá, a gclaímhte agus isteach leo sa chathair gan fhios agus mharaíodar na fireannaigh go léir. |
| 26 |
| Mharaíodar Hamór agus a mhac Seicim le faobhar claímh; thógadar Díneá as teach Sheicim agus d' imíodar leo. |
| 27 |
| Tháinig clann Iacóib ar an ár agus chreachadar an chathair, mar gur truaillíodh a ndeirfiúr. |
| 28 |
| Thug siad leo a dtréada agus a dtáinte, agus a n-asail, agus a raibh le fáil sa chathair agus faoin tuath. |
| 29 |
| A maoin go léir, a miondaoine agus a mná go léir, a raibh sna tithe, ghabhadar iad go léir agus d' fhuadaíodar leo iad mar chreach. |
| 30 |
| Ansin dúirt Iacób le Simeon agus Léiví: «Tá dochar déanta agaibh dom, mar go bhfuilim de bhur mbarr i m' ábhar fuatha ag áitritheoirí na tíre, na Canánaigh agus na Pirizigh. Táimse ar bheagán slua; má chruinníonn siad le chéile i m' aghaidh agus tabhairt fúm, scriosfar mé, mise agus mo theaghlach.» |
| 31 |
| Is é freagra a bhí acu air: «An íde striapaí atá le tabhairt ar ár ndeirfiúr?» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/genesis/034.mp3
50
34