Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Seo inár ndiaidh sliocht Éasau, Eadóm is é sin: |
| 2 |
| Phós Éasau mná de chuid Chanán: Ádá iníon Éalón an Hiteach, agus Oholabámá iníon Aná, mac Zibeon an Hórach, |
| 3 |
| agus Básamat iníon Ísmeáél, deirfiúr Nabáiót. |
| 4 |
| Rug Ádá Eilífeaz d' Éasau, agus rug Básamat Reúél. |
| 5 |
| Rug Oholabámá Ieúis, agus Ialám agus Corach. Sin iad clann mhac Éasau a rugadh dó i dtír Chanán. |
| 6 |
| Thug Éasau leis a mhná agus a chlann mhac agus iníonacha agus líon a thí go léir, agus a thréada, agus a tháinte go léir agus an mhaoin go léir a bhí cruinnithe aige i dtír Chanán; d' imigh sé i gcéin óna dheartháir Iacób. |
| 7 |
| Óir bhí an iomad maoine bailithe acu chun fanacht le chéile. Níorbh fhéidir don dúiche ina rabhadar ag lonnú ann iad araon a chothú le líonmhaire a dtréad. |
| 8 |
| Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm. |
| 9 |
| Is iad seo sliocht Éasau, sinsear na nEadómach i Sliabh Shaeír. |
| 10 |
| Seo iad ainmneacha clann mhac Éasau: Eilífeaz mac Ádá, bean Éasau, agus Reúél mac Bhásamat, bean Éasau. |
| 11 |
| Ba iad clann Eilífeaz: Téamán Ómár, Zafó, Gatám agus Canaz. |
| 12 |
| Ba í Timneá leannán Eilífeaz mac Éasau, agus rug sí Amailéic dó. Agus is iadsan mic Ádá bean Éasau. |
| 13 |
| Seo iad clann mhac Reúél: Nachat agus Zarach, Seamá agus Mizeá. Is iadsan clann mhac Bhásamat, bean Éasau. |
| 14 |
| Seo iad clann mhac Oholabámá, iníon Aná, mac Zibeon: rug sí dó Ieúis, Ialám agus Corach. |
| 15 |
| Seo iad taoisigh chlann mhac Éasau: Clann mhac Eilífeaz, céadghin Éasau: an taoiseach Téamán, an taoiseach Ómár, an taoiseach Zafó, an taoiseach Canaz, |
| 16 |
| an taoiseach Corach, an taoiseach Gatám, an taoiseach Amailéic. Iadsan taoisigh Eilífeaz i dtír Eadóm; iadsan mic Ádá. |
| 17 |
| Seo iad clann mhac Reúél, mac Éasau: an taoiseach Nachat, an taoiseach Zarach, an taoiseach Seamá, an taoiseach Mizeá; iadsan taoisigh Reúél i dtír Eadóm; iadsan mic Bhásamat, bean Éasau. |
| 18 |
| Seo iad clann mhac Oholabámá bean Éasau: an taoiseach Ieúis, an taoiseach Ialám, an taoiseach Corach. Iadsan na taoisigh a rug Oholabámá, iníon Aná bean Éasau. |
| 19 |
| Sin iad clann mhac Éasau, agus sin iad a dtaoisigh. Sin é Eadóm. |
| 20 |
| Seo síos sliocht Shaeír an Hórach, dúchasaigh na tíre: Lótán, Seobál, Zibeon, Aná, |
| 21 |
| Diseon, Éisir, agus Diseán; iadsan taoisigh na Hórach clann Shaeír i dtír Eadóm. |
| 22 |
| Ba iad Hoirí agus Héamám clann Lótán, agus ba í Timneá deirfiúr Lótán. |
| 23 |
| Seo iad clann Seobál: Alván, Mánachat, Éabál, Seafó agus Ónám. |
| 24 |
| Seo iad clann Zibeon: Aiá agus Aná an tAná úd a d' aimsigh na toibreacha teo san fhásach agus é ag aoireacht asail a athar Zibeon. |
| 25 |
| Seo iad clann Aná: Diseón agus Oholabámá iníon Aná. |
| 26 |
| Seo iad clann Dhiseón: Hemdeán, Eisbeán, Itreán agus Carán. |
| 27 |
| Seo iad clann Éisir: Bileán, agus Záván agus Acán. |
| 28 |
| Seo iad clann Dhiseán: Úz agus Arán. |
| 29 |
| Seo iad taoisigh na Hórach: an taoiseach Lótán, an taoiseach Seobál, an taoiseach Zibeon, an taoiseach Aná, |
| 30 |
| an taoiseach Diseón, an taoiseach Éisir, an taoiseach Diseán. Sin iad taoisigh na Hórach de réir a dtreibheanna i dtír Shaeír. |
| 31 |
| Seo iad na ríthe a bhí i réim i dtír Eadóm sula dtáinig aon rí Iosraelach i réim. |
| 32 |
| Bhí Beala mac Bheor ina rí ar Eadóm agus Dineábá a ba ainm dá chathair. |
| 33 |
| D' éag Beala agus tháinig Ióbáb mac Zearach ó Bhozrá i réim ina dhiaidh. |
| 34 |
| D' éag Ióbáb agus tháinig Húiseám ó thír na dTéamánach i réim ina dhiaidh. |
| 35 |
| D' éag Huiseám, agus Hadad mac Badad, an té a chloígh Midián i gcríoch Mhóáb, tháinig sé i réim ina dhiaidh, agus Aivit a ba ainm dá chathair. |
| 36 |
| D' éag Hadad agus tháinig Samlá, ó Mhasraecá, i réim ina dhiaidh. |
| 37 |
| D' éag Samlá, agus tháinig Seáúl ó Rachobót ar an Eofrataes ina dhiaidh. |
| 38 |
| D' éag Seáúl agus tháinig Bálchánán mac Acbór i réim ina dhiaidh. |
| 39 |
| D' éag Bálchánán mac Acbór agus tháinig Hadad i réim ina dhiaidh, agus Páú a ba ainm dá chathair. Mihéataibil iníon Mhatraed, iníon Mhé Záháb, a ba ainm dá bhean. |
| 40 |
| Seo iad ainmneacha taoisigh Éasau de réir a dtreibheanna agus a gcríoch ó ainm: an taoiseach Timneá, an taoiseach Alvá, an taoiseach Iataet, |
| 41 |
| an taoiseach Oholabámá, an taoiseach Éalá, an taoiseach Píonon, |
| 42 |
| an taoiseach Canaz, an taoiseach Téamán, an taoiseach Mibzeár, |
| 43 |
| an taoiseach Maigdiél, an taoiseach Íorám. Sin iad taoisigh Eadóm, de réir a n-áitreabh sa tír ba leo; sé Éasau sinsear Eadóm. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/genesis/036.mp3
50
36