Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Tharla faoin am seo gur fhág Iúdá a dheartháireacha agus go ndeachaigh sé síos chun fanacht tamall le hAdullámach darbh ainm Híorá. |
| 2 |
| Chonaic Iúdá ansiúd iníon Chanánaigh darbh ainm Seúa; phós sé í agus luigh léi. |
| 3 |
| Ghabh sí gin agus rug sí mac agus thug sí Éar mar ainm air. |
| 4 |
| Ghabh sí gin arís agus rug sí mac agus thug sí Ónán air. |
| 5 |
| Ghabh sí gin arís eile agus rug sí mac agus thug sí Séalá mar ainm air; nuair a rugadh eisean bhí sí i gCizíb. |
| 6 |
| Fuair Iúdá bean darbh ainm Támár dá chéadghin Éar. |
| 7 |
| Ach Éar, céadghin Iudá, coirpeach olc a ba ea é i láthair an Tiarna, agus mharaigh an Tiarna é. |
| 8 |
| Ansin dúirt Iúdá le hÓnán: «Gabh chugat bean do dhearthár agus déan mar is dual do dheartháir céile léi agus tóg clann do do dheartháir.» |
| 9 |
| Ach bhí a fhios ag Ónán nach leis féin aon chlann a ghinfí; agus nuair a théadh sé isteach chun mná a dhearthár scaoileadh sé a shíol uaidh ar an talamh chun nach dtabharfadh sé sliocht dá dheartháir. |
| 10 |
| Agus ba fhuath leis an Tiarna a ndearna Ónán agus mharaigh sé eisean mar an gcéanna. |
| 11 |
| Ansin dúirt Iúdá le Támár, bean a mhic: «Fill abhaile ar d' athair mar bhaintreach agus fan go bhfásfaidh mo mhac Séalá» mar is é a bhí ina aigne aige: «Ní foláir féachaint chuige nach bhfaighidh sé bás dála a dheartháireacha.» D' imigh Támár dá bhrí sin agus chuir fúithi i dteach a hathar. |
| 12 |
| Faoi chionn tamaill fhada, fuair Seúa bean Iúdá bás; agus nuair a bhí sólás a chaointe faighte ag Iúdá, chuaigh sé suas go Timneá go dtí lucht bearrtha na gcaorach agus a chara Híorá an tAdullámach lena chois. |
| 13 |
| Fuair Támár scéala: «Tá athair do chéile ar an tslí suas go Timneá ag bearradh a chuid caorach,» |
| 14 |
| agus chuir sí uaithi a héide baintrí, chuir fial uimpi féin agus shuigh, agus í folaithe go maith, mar a scarann an bóthar go hÉanaím ón mbothar go Timneá. Bhí Séalá fásta faoin am sin, ach mar sin féin níor tugadh dó í mar bhean. |
| 15 |
| Nuair a chonaic Iúdá í, shíl sé gur striapach í mar bhí a haghaidh folaithe aici. |
| 16 |
| Ghabh sé suas chuici ar thaobh an bhóthair agus dúirt: «Téanam agus luigh liom.» Ní raibh a fhios aige gurbh í bean a mhic í. «Cad a thabharfaidh tú dom,» ar sí, «ar son céileachas a dhéanamh liom?» |
| 17 |
| «Cuirfidh mé meannán chugat ón tréad,» ar sé. «Tá go maith,» ar sí, «ar choinníoll go bhfágfaidh tú geall agam go dtí go gcuirfidh tú chugam é.» |
| 18 |
| «Cén geall a fhágfaidh mé agat?» ar sé. «Do shéala, do chorda agus an bata atá i do ghlaic,» ar sí. Thug sé di iad, luigh léi, agus ghabh sí gin uaidh. |
| 19 |
| Ansin d' éirigh sí, d' imigh léi, bhain di an fial, agus chuir a héide baintrí uimpi arís. |
| 20 |
| Agus chuir Iúdá an meannán lena chara an tAdullámach chun an geall a fhuascailt ó láimh na mná; ach ní bhfuair sé í. |
| 21 |
| D' fhiafraigh sé de mhuintir na háite: «Cá bhfuil an striapach choisricthe a bhíodh ar thaobh an bhóthair ag Éanaím?» D' fhreagraíodar: «Ní raibh aon striapach ansiúd.» |
| 22 |
| D' fhill sé ar Iúdá agus dúirt: «Ní bhfuair mé í; agus dúirt muintir na háite nach raibh aon striapach choisricthe ann.» |
| 23 |
| «Bíodh aici mar sin,» arsa Iúdá, «chun nach ndéanfaí ceap magaidh dínn; chuireas an meannán seo chuici, ach níor éirigh leat í a fháil.» |
| 24 |
| Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: «Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.» Dúirt Iúdá: «Tugtar amach í agus loisctear í!» |
| 25 |
| Nuair a bhí sí á breith amach, chuir sí scéala chun athair a céile: «An té ar leis na nithe seo is uaidh a toirchíodh mé.» Agus dúirt sí: «Féach, le do thoil, cé leis an séala, an corda agus an bata seo?» |
| 26 |
| D' aithin Iúdá iad agus a dúirt: «Tá sise fíréanta seachas mar atáimse; mar nár thug mé í do mo mhac Séalá mar chéile is ea a tharla sé seo.» Agus níor luigh sé léi níos mó. |
| 27 |
| Nuair a tháinig a hionú fuarthas cúpla ina broinn. |
| 28 |
| Nuair a bhí sí ina luí seoil chuir ceann acu a lámh amach, rug an bhean ghlún ar an láimh agus chas snáithín craorag uirthi á rá: «É seo is túisce a tháinig amach.» |
| 29 |
| Ach tharraing seisean a lámh ar ais, agus seo amach lena dheartháir ar dtús. Dúirt sí ansin: «Cad í mar bhearna a rinne tú duit féin!» Tugadh Bearna air dá bhrí sin. |
| 30 |
| Tháinig a dheartháir amach ansin ina dhiaidh agus snáithín craorag ar a láimh agus tugadh Zearach air. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/genesis/038.mp3
50
38