Thit a chodladh air arís agus rinneadh taibhreamh eile dó: Seo seacht ndiasa arbhair ag fás ar an aon ghas amháin agus gach dias díobh faoi bharr blátha agus toraidh.
Bhí buairt ar Fhorann ar maidin agus chuir sé fios ar lucht asarlaíochta agus feasa uile na hÉigipte; d' inis Forann a thaibhreamh dóibh, ach ní raibh aon duine a d' fhéadfadh é a mhiniú d' Fhorann.
Bhí Eabhrach óg inár bhfochair, daor le captaen an gharda. D' insíomar ár dtaibhrimh dó agus mhínigh sé ár dtaibhrimh dúinn, agus d' inis sé do gach duine againn ciall a thaibhrimh féin.
Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn.
Dúirt Forann le Iósaef: «Rinneadh taibhreamh dom, agus níl aon duine a d' fhéadfadh é a mhíniú; ach tá sé cloiste agam fútsa, nuair a insítear taibhreamh duit, gur féidir duit é a mhiniú.»
Shlug na seacht ndiasa seargtha na seacht ndiasa fónta. D' inis mé an taibhreamh do lucht na hasarlaíochta ach ní raibh fear a mhínithe dom ina measc.»
Na seacht mba truánacha loma a tháinig aníos ina ndiaidh, seacht mbliana iadsan dála na seacht ndiasa arbhair seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir; beidh seacht mbliana gorta ann.
Cuireadh Forann chuige dá bhrí sin agus ceapadh sé feidhmeannaigh os cionn na tíre agus gearradh sé cáin den chúigiú cuid ar thír na hÉigipte le linn seacht mbliana na flúirse.
Déanaidís bia go léir na mblianta maithe le teacht a chruinniú agus an t-arbhar a chur i dtaisce in ainm Fhorainn mar bhia sna cathracha, agus coinnídís é.
Beidh an bia sin mar chúl taca ag an tír i gcaitheamh na seacht mbliana gorta atá le luí ar thalamh na hÉigipte. Ní mhillfear ar an gcuma sin an tír de dheasca an ghorta.»
Agus dúirt Forann le Iósaef: «Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa.
Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d' orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.»
Chuir sé ina shuí é sa charbad is fearr aige seachas a charbad féin agus bhíodh na daoine roimhe ag cur na ngártha in airde: «Ar bhur nglúine.» Rinneadh rialtóir de ar chríocha uile na hÉigipte sa tslí sin.
Agus thug Forann Zafanat Panaech mar ainm ar Iósaef, agus thug sé Ásanat, iníon Phóitífeara sagart On, mar bhean dó. Ghabh Iósaef amach ar fud críocha uile na hÉigipte.
Deich mbliana fichead a bhí Iósaef nuair a tháinig sé i láthair Fhorainn rí na hÉigipte. Agus chuaigh Iósaef amach ó láthair Fhorainn agus ghabh ar fud críocha uile na hÉigipte.
agus chruinnigh sé gach a raibh de bhia i mblianta na flúirse i dtír na hÉigipte agus chuir i dtaisce é sna cathracha; chuir sé an bia ó na dúichí ina dtimpeall i dtaisce i ngach cathair.
Nuair a luigh an gorta ar chríocha na Éigipte go léir, ghlaoigh na daoine ar Fhorann ag iarraidh aráin; agus dúirt Forann leis na hÉigiptigh go léir: «Téigí go Iósaef, agus déanaigí mar a déarfaidh sé libh.»
Nuair a leath an gorta ar fud na tíre go léir, d' oscail Iósaef na taiscí go léir, agus dhíol an t-arbhar leis na hÉigiptigh mar go raibh an gorta dian i dtír na Éigipte.
Agus tháinig daoine ó cheithre hairde na cruinne go dtí an Éigipt chun arbhar a cheannach ó Iósaef, mar go raibh an gorta dian ar fud an domhain ar fad.