Agus a dubhairt seision, féuch, do chúala mé go bhfuil arbhar sa Négipt: éirgidh síos ann sin, agus ceannchaidh dhúinn; as sin ionnus go mairfeam, agús nach bhfugheam bás.
Agus dob é Ióseph dob uachdarán ós cionn na tíre uile, agus is eision do reacadh ré daoinibh na tíre úile agus tangadar dearbhráithre Ióseph, agus do umhluighéadur íad féin sios dá lathair lé na naigthibh go talamh.
Agus du chonnairc Ióseph a dhearbhráithre, agus do aithin íad, ach do chonnaimh é féin úatha, agus dó labhair go garbh ríu: agus a dubhairt ríu, cáit as a ttangabhairsi? Agus a dubhradarsan, as tir Chánaain, do cheannach bídh.
Agus do chuimhnigh Ióseph air a naisling do chonnairc sé na ttimchiollsán, agus do ráidh ríu, Is luchd bratha sibh tangabhair dféachuin éadaingneach na tíre.
Agus a dubhradarsan, da dearbhrathair dheag atáid do sherbhisigh, mic éanduine amhain a ttír Chánaain; agus, féuch, atá an mac as óige a bhfochair ar nathár, agus áon nach bhfuil.
Cuiridh duine aguibh ar siubhal, agus tugadh sé bhur ndearbhrathaír leis, agus coinneochthar sibhsi a bpríosún, nó go ndearbthar bhur mbríathra, an bhfuil fírinne ionnuibh: nó dar anum Phárao, go dearbhtha is luchd bratha sibh.
Mas dáoine fírinneacha sibh, fágbhuidh áon da bhúr ndearbhráithribh a ttigh bhur bpriosúin: imhthighidhse, beiridh arbhar libh ar son gorta bhur ttighthe.
Agus a dubhradur eatorra féin, Atámaoid go deimhin ciontach a ttaobh ar ndearbhrathar, do bhrigh go bhfacamar doilghios a anma a nuáir do ghuidh sé sinn, agus nar éisdeamar ris; is uime sin tháinig an mhairgse oruinn.
Agus do fhreagair Reuben íad, dá radh, Nach ar labhair misi ribh, dá radh; Ná peacuighidh a naghaidh an leinimh; agus níor éisdeabhhair rium? ar a nadhbharsin, féuchuidh, mar an cceadna, atá a fhuil dá leanmhuin oruibh.
Agus do iompoigh a chúl ríu, agus do ghuil sé; agus do fhill orra a ris, agus do bhí ag cómhrádh ríu, agus rug sé Símeon úatha, agus do cheanguil é as coinne a súl.
Ann sin do aithin Ióseph a saic do lionadh, agus cuid airgid gach nduine aca do chur na shac féin, agus lónn do thabhairt dóibh chum na sligheadh: agus is marso do rinne sé ríu.
Agus a nuáir do oscuil fear aca a shac do thabhairt próantair dá assal sa tigh ósda, do chonnairc sé a chuid airgid; óir féuch, do bhí sé a mbéul a tsaic.
Agus a dubhairt sé re na dhearbhraithribh, Do haisigeadh mo chuid airgid; agus, féuch, atá sé ann mo shac: agus do laguidh sin a ccroidhthe, agus do bhí eagla orra, da rádh eaturra féin, Créad an ní si do rinne Día rinn?
Agus an tóglach, tighearna na tíre, a dubhairt sé rinn. As mar so aitheónus mé gur dáoine fírinneacha sibh: fágbhuidh áon dá bhur ndearbhraithribh agamsa annso, agus beiridh beatha libh ar son gorta bhur tteaghlach, agus bithí ag imtheachd:
Agus tugaidh bhur ndearbhráthair is óige chugamsa: annsin aitheónus mé nach luchd bratha sibh, ach gur dáoine fírineacha sibh: mar sin do bhéura mé bhur ndearbhrathair dhibh, agus do gheabhthaói ceannuigheachd ansa tír.
Agus féuch tárla a nuáir do fholmhuigheadur a saic, go raibh ceanglachán airgid gach éanduine ann a shac féin: agus a núair do choncadar féin, agus a nathair na ceanglachain airgid, do bhi eagla orra.
Agus a dubhairt Iacob a nathair ríu, Do bheanabhair mó chlann díom, ní bhfuil Ióseph ann, agus ni bhfuil Simeon, agus béurtháoi Beniamin uáim: ataid na neithesi uile am aghuidh.
Agus a dubhairt seision, Ni racha mo mhacsa libh síos; óir déug a dhearbhrathair, agus do fágbhadh eision na áonar; mé bheanann tubuisde dhó sa tslighe ann a rachthaóisi, ann sín béurthaoi mo ghrúaglíathsa maille re dóbrón chum na huáighe.