Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| agus Biniáimin Leo |
| 2 |
| Nuair a bhí an t-arbhar a thugadar leo ón Éigipt caite acu, dúirt an t-athair leo: «Imígí ar ais agus ceannaigí beagán bia duinn.» |
| 3 |
| «An fear úd,» arsa Iúdá leis, «thug sé rabhadh sollúnta dúinn: 'Ní ligfear isteach i mo láthair sibh gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.' |
| 4 |
| Má scaoileann tú ár ndeartháir inár dteannta, rachaimid síos agus ceannóimid bia duit. |
| 5 |
| Ach mura scaoileann tú leis, ní rachaimidne síos mar dúirt sé siúd: 'Ní ligfear isteach i mo láthair sibh, gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.'» |
| 6 |
| «Cad a ba áil libh,» arsa Iosrael, «a bheith do mo chiapadh mar sin agus a rá leis siúd go raibh deartháir eile agaibh?» |
| 7 |
| D' fhreagraíodar é: «Cheistigh sé siúd sinn go mion inár dtaobh féin agus i dtaobh ár muintire, á rá: 'An maireann bhur n-athair? An bhfuil deartháir eile agaibh?' Sin é an fáth a dtugamar an t-eolas dó. Conas a bheadh a fhios againn ar aon chor go ndéarfadh sé: 'Tugaigí bhur ndeartháir anuas libh'?» |
| 8 |
| Dúirt Iúdá lena athair Iosrael: «Scaoil an buachaill liomsa, agus cuirimis chun bóthair agus imímis linn chun nach bhfaighimis bás ach maireachtáil beo sea sinne agus tusa agus ár muirear go léir chomh maith. |
| 9 |
| Rachaidh mise i mbannaí ar an mbuachaill; beidh mé freagrach duit ann; mura dtuga mé ar ais chugat é agus é a chur ina sheasamh os do chomhair, ansin bíodh a mhilleán sin ormsa go brách. |
| 10 |
| Ach go deimhin féin mura mbeadh an mhoill seo, bheimis ar ais arís um an dtaca seo.» |
| 11 |
| Ansin dúirt Iosrael an t-athair leo: «Más éigean an scéal a bheith amhlaidh, déanaigí mar leanas: Cuirigí in bhur gcléibh cuid de thogha torthaí na tíre agus beirigí síos chuige siúd mar thabhartas beagán balsaim agus meala agus guma agus tragacant agus cnónna pistéise agus almóinne. |
| 12 |
| Tugaigí a dhá oiread airgid libh; tugaigí ar ais an t-airgead a cuireadh i mbéal bhur málaí. B' fhéidir gur dearmad é. |
| 13 |
| Tugaigí libh bhur ndeartháir agus seo libh ar ais chuige siúd. |
| 14 |
| Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.» |
| 15 |
| Thóg na fir an tabhartas ansin: thugadar a dhá oiread airgid leo agus Biniáimin. Chuireadar chun bóthair agus síos leo go dtí an Éigipt agus isteach i láthair Iósaef. |
| 16 |
| Nuair a chonaic Iósaef Biniáimin faru dúirt sé lena reachtaire: «Beir leat iad seo chun an tí, agus maraigh mart agus cóirigh bia, mar beidh bia acu seo liom um nóin.» |
| 17 |
| Rinne seisean rud ar Iósaef agus thug na fir go teach Iósaef; |
| 18 |
| tháinig eagla orthusan mar go rabhadar á mbreith go teach Iósaef agus dúradar: «Táthar dár dtabhairt ann de bharr an airgid a cuireadh ar ais inár málaí arbhair an chéad uair; tabharfaidh siad fúinn; ionsóidh siad sinn agus déanfaidh siad daoir dínn agus gabhfaidh siad ár n-asail mar an gcéanna.» |
| 19 |
| Suas leo dá bhrí sin chun reachtaire Iósaef agus labhair siad leis ar thairseach an tí: |
| 20 |
| «A thiarna,» ar siad, «thángamar anuas an chéad uair chun bia a cheannach. |
| 21 |
| Nuair a shroicheamar mar a rabhamar chun fanacht thar oíche, d' osclaíomar ár málaí agus b' shiúd airgead gach duine i mbéal a mhála, gan pioc de in easnamh; thugamar linn arís é dá bhrí sin, |
| 22 |
| agus thugamar a thuilleadh airgid linn anuas chomh maith chun bia a cheannach. Ní eol dúinn cé chuir ár gcuid airgid inár málaí arbhair.» |
| 23 |
| «Síocháin daoibh; ná bíodh eagla oraibh,» ar sé. «Is é bhur nDia agus Dia bhur n-athar a chuir an mhaoin in bhur málaí arbhair daoibh. Fuaireas bhur n-airgead slán iomlán.» Thug sé Simeon amach chucu ansin. |
| 24 |
| Thug an fear isteach i dteach Iósaef iad ansin agus thug uisce chucu; níodar a gcosa; thug sé siúd foráiste dá n-asail; |
| 25 |
| chóiríodarsan a dtabhartas agus iad ag feitheamh le Iósaef a theacht um nóin, mar dúradh leo go rabhadar chun bia a chaitheamh ansiúd. |
| 26 |
| Nuair a tháinig Iósaef abhaile thugadar isteach chuige an tabhartas a bhí acu agus shléachtadar go talamh dó. |
| 27 |
| Agus chuir sé ceist orthu conas mar a bhí acu, agus dúirt: «An bhfuil bhur n-athair ar fónamh? an seanfhear a luaigh sibh? An maireann sé fós?» |
| 28 |
| «Tá do shearbhónta, ár n-athair, ar fónamh,» ar siad, «agus maireann sé fós»; agus chromadar a gceann agus rinneadar umhlaíocht dó. |
| 29 |
| D' fhéach seisean suas ansin agus chonaic a dheartháir Biniáimin, mac a mháthar; «An é seo,» ar sé, «an deartháir is óige agaibh, an té a luaigh sibh liom? Go soirbhí Dia duit, a mhic.» |
| 30 |
| Ansin amach le Iósaef láithreach mar gur tháinig tocht ar a chroí nuair a chonaic sé a dheartháir, agus bhí na deora ag bagairt air. Isteach leis ina sheomra agus ghoil sé ansiúd. |
| 31 |
| Ansin nigh sé a aghaidh agus tháinig amach; ansin, agus greim ar a chroí aige, dúirt sé: «Dáiltear an bia.» |
| 32 |
| Dáileadh a chuid air leis féin agus orthusan leo féin; agus na hÉigiptigh a chaith bia leo, dáileadh orthu leo féin mar ní féidir leis na hÉigiptigh bia a chaitheamh le hEabhraigh is gráin dearg leo é sin. |
| 33 |
| Cuireadh chun boird iad os a chomhair, an sinsear de réir a shinsearachta agus an sóisear de réir a shóisearachta; d' fhéach na fir ar a chéile le hionadh agus le alltacht. |
| 34 |
| Dáileadh bia orthu ansin ina chodanna ó bhord Iósaef, ach an chuid a cuireadh chun Biniáimin ba mhó faoi chúig í na cuid aon duine eile díobh. D' óladar fíon ina theannta go rabhadar súgach. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/genesis/043.mp3
50
43