Ansin thug [Iósaef] ordú dá reachtaire: «Líon málaí na bhfear,» ar sé, «de bhia, oiread agus is féidir dóibh a iompar, agus cuir airgead gach duine i mbéal a mhála;
Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: «Bí amuigh,» ar sé, «agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: 'Cad chuige daoibh an t-olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?]
Féach an t-airgead a fuaireamar i mbéal ár málaí, thugamar ar ais chugat é ó thír Chanán. Conas, más ea, a ghoidfimis airgead ná ór ó theach do thiarna?
«Cad tá le rá againn leat, a thiarna?» arsa Iúdá, «cén chosaint atá againn le déanamh orainn féin? Tá ciontacht do shearbhóntaí nochta ag Dia féin. Anois, más ea, seo sinn mar dhaoir agat, a thiarna, sinne chomh maith leis an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh.»
«Nár lige Dia go ndéanfainn a leithéid! Ní bheidh ina dhaor agam ach an té a bhfuarthas an corn ina sheilbh. Maidir libhse, téigí ar ais slán folláin chun bhur n-athar.»
Ansin chuaigh Iúdá suas chuige agus dúirt: «A thiarna, impím ort, lig do do shearbhónta focal a chur i do chluais le do thoil; agus ná las le fearg chun do shearbhónta, óir is cosúil le Forann féin tusa.
Agus dúramar le d' onóir: 'Tá athair againn, seanfhear, agus deartháir óg a rugadh dó ina sheanaois; tá a dheartháirsean tar éis bháis agus níl fágtha ach eisean de chlann a mháthar; agus tá cion ag a athair air.'
dúramar: 'Ní féidir dúinn dul síos. Má théann an deartháir is óige againn inár dteannta, ansin rachaimid; mar ní féidir linn radharc a fháil ar ghnúis an fhir úd gan an deartháir is óige a bheith farainn.'
titfidh an t-anam as nuair a fheicfidh sé nach bhfuil an buachaill inár dteannta; agus seolfaidh do shearbhóntaí síos go Seól ár n-athair, do shearbhónta, agus a cheann liath faoi ualach bróin.
Chuaigh do shearbhónta, más ea, i mbannaí leis an mbuachaill i láthair m' athar, á rá: 'Mura dtuga mé ar ais chugat é, bíodh a mhilleán sin ormsa ar feadh mo shaoil i láthair m' athar.'
Conas a d' fhéadfainnse dul ar ais ag triall ar m' athair agus gan an buachaill i mo theannta? Ní ligfeadh eagla dom a bheith ag faire ar an ainnise a thiocfadh sa mhullach ar m' athair.»