×

Bíobla Naofa 1981

Geineasas 5

1
Leabhar na nginealach ó Ádhamh anseo: An lá a chruthaigh Dia Ádhamh, rinne sé é ar chosúlacht Dé.
2
Fireann agus baineann a chruthaigh sé iad. Bheannaigh sé iad agus thug an t-ainm An Duine orthu an lá a cruthaíodh iad.
3
Nuair a bhí Ádhamh céad agus a tríocha bliain d' aois rugadh mac dó ar a dheilbh agus ar a chosúlacht féin, agus thug sé Séat air.
4
Mhair Ádhamh ocht gcéad bliain tar éis Séat a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.
5
Mhair Ádhamh naoi gcéad agus a tríocha bliain ar fad; ansin fuair sé bas.
6
Nuair a bhí Séat céad agus a cúig bliana d' aois ghin sé Eanóis,
7
agus mhair sé ocht gcéad agus a seacht mbliana tar éis Eanóis a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
8
Mhair Séat naoi gcéad agus dosaen bliain ar fad; ansin fuair sé bás.
9
Nuair a bhí Eanóis nócha bliain d' aois, ghin sé Céanán,
10
agus mhair sé ocht gcéad agus cúig bliana déag tar éis Céanán a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
11
Mhair Eanóis naoi gcéad agus a cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.
12
Nuair a bhí Céanán deich mbliana agus trí fichid, ghin sé Mahalalael.
13
Mhair Céanán ocht gcéad agus a daichead bliain tar éis Mahalalael a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
14
Mhair Céanán naoi gcéad agus a deich mbliana ar fad; ansin fuair sé bás.
15
Nuair a bhí Mahalalael cúig bliana agus trí fichid ghin sé Iárad.
16
Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a tríocha bliain tar éis Iárad a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
17
Mhair Mahalalael ocht gcéad agus a nócha cúig bliana ar fad; ansin fuair sé bás.
18
Nuair a bhí Iárad céad agus a seasca dó bliain d' aois, ghin sé Eineoc
19
agus mhair sé ocht gcéad bliain tar éis Eineoc a ghiniúint, agus ghin sé mic agus iníonacha.
20
Mhair Iárad naoi gcéad agus seasca dó bliain ar fad; ansin fuair sé bás.
21
Nuair a bhí Eineoc cúig bliana agus trí fichid ghin sé Matúsalach.
22
Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Mhair sé trí chéad bliain tar éis Matúsalach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
23
Mhair Eineoc trí chéad agus a seasca cúig bliana ar fad.
24
Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Ansin d' imigh sé as radharc daoine, óir rug Dia leis é.
25
Nuair a bhí Matúsalach céad agus a hochtó seacht bliain d' aois ghin sé Láimic.
26
Mhair Matúsalach seacht gcéad agus a hochtó dó bliain tar éis Láimic a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.
27
Mhair Matúsalach naoi gcéad agus a seasca naoi mbliana ar fad; ansin d' éag sé.
28
Nuair a bhí Láimic dhá bhliain agus ceithre fichid, ghin sé mac
29
agus thug sé Naoi air, mar a dúirt sé: «Seo duine a thabharfaidh sólás dúinn ón talamh, ar ar chuir an Tiarna a mhallacht, agus sinn i mbun ár saothair agus ár n-oibre.»
30
Mhair Láimic cúig céad agus a nócha cúig bliain tar éis Naoi a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.
31
Mhair Láimic seacht gcéad agus seachtó seacht bliain ar fad; ansin fuair sé bás.
32
Nuair a bhí Naoi cúig chéad bliain d' aois ghin sé Séam, Hám agus Iáfat.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí