Ansin dúirt an Tiarna le Naoi: «Gabh isteach san áirc, tusa agus do theaghlach go léir, óir is tú amháin den ghlúin seo, i mo bhreithse, a fheicim atá fíréanta.
Beir leat de na hainmhithe glana seacht gcúpla, an fireann agus an baineann, de gach cineál; agus de na hainmhithe neamhghlana cúpla, fireannach agus baineannach;
Óir faoi chionn seacht lá seolfaidh mé uiscí ar talamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche; agus scriosfaidh mé gach dúil bheo dá ndearna de chlár na talún.»
Sa bhliain sé chéad d' aois Naoi, sa dara mí, agus sa seachtú lá déag den mhí sin an lá sin féin phléasc toibreacha uile an duibheagáin mhóir, agus osclaíodh comhlaí uisce neimhe.
agus in éineacht leo gach ainmhí de réir a gcineáil, an t-eallach go léir de réir a gcineáil, gach péist a shníonn ar talamh de réir a gcineáil, an éanlaith go léir de réir a gcineáil, gach éan de gach sórt.
D' éag an uile fheoil dár chorraigh ar talamh idir éanlaith agus eallach, agus ainmhithe allta agus na dúile go léir a shníonn ar talamh, agus na daoine go léir.
Scrios [an Tiarna] an uile dhúil bheo dá raibh ar chlár na talún daoine agus ainmhithe, péisteanna agus éanlaith an aeir; scuab sé de dhroim na talún iad agus níor fágadh ach Naoi agus a raibh fairis san áirc.