Tárla a deirím an treas la, féuch, go ttáinic duine ón champa ó Shaul agus a éadach brisde, agus cré ar a cheann: agus is amhluidh bhí, a nuáir tháinic sé chum Dáibhi, gur thuit sé chum talmhan, agus go ndéarna sé umhlachd.
Agus a dubhairt Dáibhi ris, Ciondas do chúaidh an chúis? Guidhim thú, innis damh. Agus do fhreagair seision, Gur theitheadar cách as an gcath, agus gur thuit agus gur marbhadh mórán don phobal; agus go raibh Saul agus Ionatan a mhac marbh mar an gcéadna.
Agus a dubhairt an tógánach dinnis sin dó, Mar thárla dhamsa do chinneamhuin bheith ar shlíabh Gilboa, féuch, do bhí Saul na leathluighe ar a ghath; agus, féuch, do leanadar na carbuid agus an marcshlúagh go géar na dhiáigh.
Ann sin do sheas mé air, agus do mharbh mé é, mar do bhí a dheimhin agum nar bhféidir leis a bheith béo tar éis é thuitim: agus do ghlac mé an choróin do bhí air a cheann, agus an bráisléad do bhí fá na láimh, agus thug mé liom annso íad chum mo thighearna.
Agus do chumhadar, agus d ghuileadar, agus do throisceadar go tráthnóna, ar son Shauil, agus a mhic Ionatan, agus ar son phobail an TIGHEARNA, agus ar son thighe Israel; do bhrígh gur thuiteadar leis an gcloidheamh.
Ná hinnis a Ngát é, ná foillsigh é a sráidibh Ascélon; deagla go ndéanaidís ingheana na Bhphilistineach luáthgháire, deagla go ndéanaidís ingheana na nemhthimchiilgearrthadh caithréim.
A shléibhte Gilboa, ná raibh drúchd, ná fearthuínn oruibh, nó magha ofrála: óir is annsin do teilgeadh go tarcuisneach sciath an chumbachduigh seachad, sciath Shauil, mar nach bíadh ungtha le hola.
Saul agus Ionatan do bhádar grádhach sólasach ann a mbeathaidh, agus ann a mbás níor roinneadh íad: bá luáithe íad ná ioluir, bá láidre ná leomhuin iad.
Sibhsi a ingheana Israel, guilidh ós cionn Shauil, noch do chuir culadha scarláoide oruibh, maille re háoibhneas, noch do chuir córughadh óir air bhur néaduighibh.