Chuaigh Dáiví ina dhiaidh sin i gcomhairle leis an Tiarna: «An rachaidh mé suas go ceann de chathracha Iúdá?» d' fhiafraigh sé. D' fhreagair an Tiarna é: «Téigh suas.» «Go cé acu a rachaidh mé?» d' fhiafraigh Dáiví. D' fhreagair sé: «Go Heabrón.»
Chuir Dáiví teachtaireacht go muintir Iáibéis Gileád. «Go raibh beannacht oraibh ón Tiarna,» ar sé, «toisc go ndearna sibh an cineáltas seo do Shól, bhur dtiarna, agus gur adhlaic sibh é.
Bíodh fuinneamh in bhur ngéaga mar sin agus bíodh misneach agaibh! Tá Sól bhur dtiarna tar éis bháis, ach rinne teaghlach Iúdá mise a ungadh le bheith i mo rí orthu!»
Ghluais Ióáb mac Zarúá agus lucht leanúna Dháiví amach chomh maith agus bhuaileadar le chéile ag Linn Ghibeón. Stad siad ansiúd, dream díobh ar thaobh den linn, agus an dream eile ar taobh eile.
Rug gach duine díobh ar cheann ar a chéile comhraic agus rop a chlaíomh ina chliathán: thiteadar go léir ar an aon láthair. Tugadh Gort na [gCliathán] ar an áit dá bharrsan. Tá sé i nGibeón.
«Cas ar do dheis nó ar do chlé,» arsa Aibnéar leis, «agus beir ar dhuine de na saighdiúirí agus tabhair leat a éadáil.» Ach ní scoirfeadh Asáhael den tóir air.
Labhair Aibnéar aris le hAsáhael: «Éirigh as an tóir orm, murab áil leat go leagfainn ar lár thú. Ansin conas d' fhéadfainn féachaint san aghaidh ardo dheartháir Ióáb arís?»
Ach níorbh áil leis casadh i leataobh agus bhuail Aibnéar sa bholg é le sáfach a shleá i dtreo gur tháinig an tsleá amach trína dhroim thiar. Thit sé ansiúd agus fuair bás ar an bhfód sin. Gach aon duine a tháinig mar ar thit Aibnéar, agus mar a bhfuair sé bás, stadadar.
Ghlaoigh Aibnéar ar Ióáb ansin agus dúirt: «An bhfuil an claíomh le bheith ag slogadh leis go deo?» ar sé. «Nach bhfuil a fhios agat gur tubaisteach an chríoch a bheidh air seo? An fada go ndéarfaidh tú leis na daoine seo stad de bheith ag tóraíocht ar a mbráithre?»
Bhí Aibnéar agus a chuid fear ag imeacht leo tríd an Arabá ar feadh na hoíche sin go léir, agus ghabhadar thar an Iordáin, agus leanadar orthu an mhaidin sin gur tháinig siad go Machanáím.
D' fhill Ióáb ón tóir ar Aibnéar, agus nuair a bhí a dhíorma go léir cruinnithe aige, bhí naonúr déag chomh maith le hAsáhael ar iarraidh ó lucht leanúna Dháiví,
D' ardaíodar leo Asáhael agus rinneadar é a adhlacadh i dtuama a athar i mBeithil. Bhí Ióáb agus a chuid fear ag taisteal leo i gcaitheamh na hoíche, agus gheal an lá agus iad ag teacht go Heabrón.