Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Dúirt Dáiví focail na laoi seo leis an Tiarna nuair a shaor an Tiarna é as láimh a naimhde go léir agus as láimh Shóil. |
| 2 |
| Is é a dúirt sé: An Tiarna mo charraig, mo dhaingean; |
| 3 |
| Sé mo Dhia m' fhuasclóir. Téim ar a choimirce, ós é mo charraig é, mo sciath, agus adharc mo shlánaithe, mo dhún, mo dhídean, mo shlánaitheoir. Déanann tú mé a fhuascailt ón éigean. |
| 4 |
| Glaoim ar an Tiarna, moladh go deo leis, agus fuasclaítear mé ó mo naimhde. |
| 5 |
| Ghabh tonnta an bháis i mo thimpeall, agus bhris tuilte urchóide i m' aghaidh. |
| 6 |
| Cuireadh téada Sheól mar chuibhreach orm agus gaistí an bháis ar tinneall romham. |
| 7 |
| Ghlaoigh mé ar an Tiarna as mo ghátar; d' éigh mé chun mo Dhé. Chuala sé mo ghlór óna theampall, agus thug sé cluas do mo ghlao. |
| 8 |
| Luaisc agus chrith an talamh; tháinig creathán ar mháithreacha na spéire tháinig creathán orthu de bharr a chuid feirge. |
| 9 |
| Ghabh gal suas ó pholláirí a shróine, agus óna bhéal tine íditheach a las sméaróidí dearga. |
| 10 |
| Chlaon sé na spéartha agus thuirling sé, agus scamall dubh faoina chosa. |
| 11 |
| In airde ar cheirib leis agus d' eitil, agus bhí ar foluain ar sciatháin na gaoithe. |
| 12 |
| Rinne sé forscáth ina thimpeall den dorchadas. Agus both de na huiscí dubha, na scamaill thiubha. |
| 13 |
| Roimhe amach d' adhain splanc, casair agus caora tintí. |
| 14 |
| Rinne an Tiarna toirneach ó na spéartha agus ba chlos glór an té is airde. |
| 15 |
| Theilg sé a shaigheada agus scaip iad; scaoil leis an tintreach agus chuir an teitheadh orthu. |
| 16 |
| Nochtadh grinneall an bhfarraigí, agus bhí radharc ar mháithreacha na cruinne, de bharr bhagairt an Tiarna agus borradh ghal a pholláirí. |
| 17 |
| Shín sé a lámh chugam ó na harda agus sciob sé mé as na huiscí doimhne. |
| 18 |
| D' fhuascail sé mé ó mo namhaid tréan, uathu siúd a thug fuath dom, mar go raibh siad róláidir dom. |
| 19 |
| Thángadar sa mhullach orm lá mo thubaiste, ach ba é an Tiarna mo thaca; |
| 20 |
| d' fhuascail sé mé agus scaoil sé saor mé; tháinig sé i gcabhair orm, mar tá grá aige dom. |
| 21 |
| Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m' fhíréantachta; déanann sé díolaíocht liom de réir ghlaine mo lámh, |
| 22 |
| mar choinnigh mé slite an Tiarna, agus níor thug mé cúl go mailíseach le mo Dhia. |
| 23 |
| Tá a bhreitheanna go léir os comhair mo shúl, ná níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim. |
| 24 |
| Táim gan choir ina fhianaise agus sheachain mé an peaca. |
| 25 |
| Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m' fhíréantachta, de réir m' ionracais ina láthair. |
| 26 |
| Is dílis tú le lucht na dílseachta agus is neamhurchóideach thú leis an muintir gan urchóid. |
| 27 |
| Is glan tú le lucht na glaine croí, ach cuireann tú cor in aghaidh an chaim. |
| 28 |
| Fuasclaíonn tú an mhuintir umhal, ach tá do shúile ar lucht an uabhair lena n-ísliú. |
| 29 |
| Is tú féin, a Thiarna, mo lóchrann, agus soilsíonn mo Dhia mo dhorchadas. |
| 30 |
| Brúchtaim thar an mbarbacán le do chabhair, agus le cabhair Dé léimim thar balla. |
| 31 |
| Dia seo againn, tá a shlí gan cháim; níl fochall i bhfocal an Tiarna; is sciath é don mhuintir go léir a théann faoina dhídean. |
| 32 |
| Cé eile is Dia ann ach an Tiarna? Cé eile is carraig ach Dia seo againne? |
| 33 |
| Sé an Dia seo crios mo nirt, a d' fhág mo chosán gan bhaol. |
| 34 |
| Rinne sé mo chosa mar chosa an fhia, agus dhaingnigh mo bhoinn ar na harda. |
| 35 |
| Oileann sé mo lámha don chath, i dtreo go lúbfadh mo ghéaga bogha cré-umha. |
| 36 |
| Thug tú dom do sciath fuascailte, agus is díon agam do chathéide. |
| 37 |
| Rinne tú réiteach fairsing do mo bhoinn fum agus níor shleamhnaigh mo chosa. |
| 38 |
| Téim sa tóir ar mo naimhde agus scriosaim iad, gan filleadh ar ais go mbíonn siad ídithe. |
| 39 |
| Leagaim ar lár iad agus ní éiríonn siad; titeann siad agus bíonn siad faoi mo chosa. |
| 40 |
| Óir chuir tú neart mar chrios fúm don chath, agus lúb tú lucht m' ionsaithe síos fúm. |
| 41 |
| Chuir tú d' iallach ar mo naimhde a gcúl a thabhairt liom; an mhuintir arbh fhuath leo mé, scrios mé iad. |
| 42 |
| D' fhéach siad ach ní raibh fear a dtarrthála ann; ghlaoigh siad chun an Tiarna, ach fágadh iad gan freagra. |
| 43 |
| Meilim iad chomh mín le smúit na talún, pasálaim is brúim iad mar a bheadh láib na sráideanna. |
| 44 |
| Déanann tú mé a fhuascailt ó chine na ceannairce agus mé a chur ar cheann na náisiún. Pobal nárbh eol dom, tá siad anois ag seirbhís dom. |
| 45 |
| Tagann eachtrannaigh ag lútáil chugam. A luaithe a chluineann siad mo ghlór, géilleann siad dom. |
| 46 |
| Cailleann eachtrannaigh a misneach agus tagann siad amach as a ndaingin ar ballchrith. |
| 47 |
| Dé bheatha, a Thiarna. Gura beannaithe mo charraig. Go mórtar mo Dhia, carraig mo shlánaithe, |
| 48 |
| Dia a rinne díoltas dom, a threascair ciníocha fúm, |
| 49 |
| a shaor mé ó mo naimhde, a d' ardaigh mé os cionn lucht m' ionsaithe, a d' fhuascail mé ó fhear an éigin. |
| 50 |
| Dá bharr sin déanfaidh mé thú a mhóradh, a Thiarna, i measc na gciníocha, agus moladh a chanadh do d' ainm. |
| 51 |
| Tugann sé an bua go raidhsiúil dá rí; taispeánann a bhuanghrá dá ungthach, do Dháiví agus dá chomharbaí go brách. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2samuel/022.mp3
24
22