Dúirt an rí le Ióáb agus leis na hoifigigh shinsir den arm a bhí in éineacht leis: «Imígí libh anois i measc treibheanna Iosrael ó Dhán go Béar Seaba agus déanaigí daonáireamh; is mian liom a fhios a bheith agam cad é líon an phobail.»
Dúirt Ióáb leis an rí: «Go gcuire an Tiarna, do Dhia, an rath faoi chéad ar do phobal fad tá súile ag an rí fós chun iad a fheiceáil. Ach cad ab áil le mo thiarna an rí a bheith chomh tógtha leis seo?»
Ach chuir an rí a ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus na hoifigigh shinsir, agus d' imigh Ióáb agus na hoifigigh shinsir leo ó láthair an rí chun daonáireamh a dhéanamh ar phobal Iosrael.
Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. «Tá peaca trom déanta agam,» ar sé leis an Tiarna. «Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.»
Chuaigh Gád chuig Dáiví mar sin agus d' inis sé sin dó. «Cé acu is fearr leat,» ar seisean, «trí bliana de ghorta a theacht ort i do thír féin, nó thú a bheith trí mhí ar do sheachaint agus do namhaid sa tóir ort, nó plá a bheith ar do thír ar feadh trí lá? Déan do mhachnamh air anois agus socraigh cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.»
Dúirt Dáiví le Gád: «Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.»
Mar sin thogh Dáiví an phlá. Aimsir fhómhar na cruithneachta a bhí ann. Chuir an Tiarna plá ar Iosrael ón maidin go dtí an uair a bhí leagtha amach agus rinne aicíd léirscrios ar an bpobal, agus ó Dhán go Béar Seaba fuair seachtó míle acu bás.
Shín an t-aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: «Is leor sin! Fóill ar do láimh!» Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach.
Nuair a chonaic Dáiví an t-aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: «Is mise a pheacaigh,» ar sé, «is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.»
Nuair a d' fhéach Arauná síos agus go bhfaca sé an rí agus a oifigigh ag céimniú ina threo, chuaigh sé ar aghaidh agus chrom chun talún in ómós don rí.
«Cén fáth ar tháinig mo thiarna an rí chun a shearbhónta?» a d' fhiafraigh Arauná. D' fhreagair Dáiví: «Chun an t-urlár buailte a cheannach uait le haltóir a thógáil don Tiarna ionas go staonfadh an phlá den phobal.»
Dúirt Arauná le Dáiví: «Tógadh mo thiarna an rí é, agus íobraíodh sé a rogha. Seo iad na daimh don íobairt uileloiscthe, na súistí agus na cuingeacha mar adhmad.
Ach dúirt an rí le hArauná: «Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, ach díolfaidh mé as le hairgead. Ní dhéanfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm a ofráil don Tiarna mo Dhia.» Thug Dáiví dá bhrí sin caoga seicil airgid ar an urlár buailte agus ar na daimh.
Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d' ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ansin d' éist an Tiarna leis na hachainíocha ar son na tíre agus casadh an phlá ar shiúl ó Iosrael.