San am atá thart nuair a bhí Sól ina rí orainn, is tusa a bhí mar thaoiseach ar Iosrael ina gcuid eachtraí go léir; agus dúirt an Tiarna leat: 'Is tusa a bheidh i d' aoire ar mo phobal Iosrael, is tusa a bheidh mar thaoiseach ar Iosrael.'»
Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.
Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim in aghaidh na Iabúsach a bhí ina gcónaí ann. Dúirt siad seo le Dáiví: «Ní éireoidh leat teacht isteach anseo. Coinneoidh na daill agus na bacaigh amach thú.» (Sé sin le rá, ní éireoidh le Dáiví teacht isteach anseo go deo.)
Dúirt Dáiví an lá sin: «Cibé a bhuailfidh an Iabúsach agus a rachaidh an seoladán suas [gheobhaidh sé a luach saothair].» Maidir leis na daill agus na bacaigh, thug Dáiví fuath a anama dóibh. (Uaidh sin an seanfhocal: «Ní rachaidh na daill agus na bacaigh isteach sa Teampall.»)
Nuair a chuala na Filistínigh gur ceapadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir, ghabhadar go léir suas ar a thóir. Arna chlos sin, chuaigh Dáiví síos go dtí an dúnfort.
Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: «An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach, an dtabharfaidh tú i mo láimh dom iad?» D' fhreagair an Tiarna: «Ionsaigh iad! Déanfaidh mé na Filistínigh a thabhairt i do láimh duit go dearfa.»
Chuaigh Dáiví go Bál Parázaím agus bhuaigh sé ansiúd orthu. Dúirt Dáiví: «Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.» Uime sin a tugadh Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin.
Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna agus d' fhreagair sé: «Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall ar a gcúl agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim.
Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann, ansin ar aghaidh leat mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.»