Dúirt an rí: «Nach bhfuil duine éigin de theaghlach Shóil fágtha le go dtaispeánfainn cineáltas Dé dó?» D' fhreagair Zíbeá an rí: «Tá mac le Iónátán, duine a bhfuil cosa bacacha faoi.»
Ar theacht i láthair Dháiví dó, chaith Meirí Bál mac Iónátán mhic Shóil é féin ar a bhéal agus thug ómós dó. «Meirí Bál!» arsa Dáiví. «Táim faoi do réir,» ar sé.
Dúirt Dáiví leis: «Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son d' athar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile d' athar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.»
Ní foláir duitse an talamh a shaothrú dó, thú féin agus do chlann mhac agus do dhaoráin; ní foláir duitse an fómhar a bhaint chun bia a sholáthar do chlann do mháistir. Ach Meirí Bál, mac do mháistir, beidh a bhéilí i gcónaí aige ag bord liom féin.» Bhí cúigear mac déag ag Zíbeá agus fiche daorán.
Dúirt Zíbeá leis an rí: «Déanfaidh do shearbhónta gach ar ordaigh mo thiarna an rí dá shearbhónta.» Bhíodh Meirí Bál dá bhrí sin ag suí chun boird le Dáiví, mar dhuine de chlann mhac an rí.