Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Tháinig briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá chun Iéahú mac Hanáiní á rá: |
| 2 |
| «D' ardaigh mé as an deannach thú agus chuir mé thú mar cheannaire ar mo phobal Iosrael, ach lean tú sampla Iarobám agus threoraigh tú mo phobal Iosrael chun peacaí a dhéanamh a ghriogann mé chun feirge. |
| 3 |
| Scuabfaidh mé Báiseá agus a theaghlach chun siúil, más ea; cuirfidh mé an chríoch chéanna ar do theaghlach agus a cuireadh ar theaghlach Iarobám mac Nabát. |
| 4 |
| Aon daoine de mhuintir Bháiseá a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad.» |
| 5 |
| An chuid eile de stair Bháiseá, a imeachtaí, agus a ghaisce, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? |
| 6 |
| Ansin chuaigh Báiseá chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i dTirzeá, agus tháinig a mhac Éala i gcomharbacht air mar rí. |
| 7 |
| Ina theannta sin, trí bhéal an fháidh Iéahú mac Hanáiní, fógraíodh briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá agus a theaghlach sa chéad áit de bharr a ndearna sé d' olc i láthair an Tiarna, á ghriogadh chun feirge lena ghníomhartha, agus ag teacht ar aon dul le teaghlach Iarobám; agus sa dara háit de bhrí gur scrios sé an teaghlach sin. |
| 8 |
| Sa séú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Éala mac Bháiseá i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá agus mhair a réimeas dhá bhliain. |
| 9 |
| Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá, |
| 10 |
| tháinig Zimrí isteach, leag ar lár é, agus mharaigh é sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, agus ghabh an choróin ina áit. |
| 11 |
| Nuair a tháinig sé i réim, a luaithe a shuigh sé sa ríchathaoir, bhásaigh sé teaghlach Bháiseá go léir, níor fhág sé fear dá ghaolta ná dá chairde beo. |
| 12 |
| Scrios Zimrí teaghlach Bháiseá go léir de réir bhriathar an Tiarna a labhair sé ó bheal an fháidh Iéahú, |
| 13 |
| de bharr peacaí Bháiseá go léir, agus peacaí Éalá, a mhac, a pheacaíodar, agus na bpeacaí inar threoraigh siad Iosrael, agus iad ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n-íola baotha. |
| 14 |
| An chuid eile de stair Éalá, agus a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? |
| 15 |
| Sa seachtú bliain fichead de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Zimrí i gcoróin ar Iosrael i dTirzeá, ar feadh seacht lá. Bhí an pobal i longfort os comhair Ghibeatón, cathair leis na Filistínigh. |
| 16 |
| Nuair a fuarthas an scéala sa longfort: «Rinne Zimrí comhcheilg in aghaidh an rí agus mharaigh sé an rí chomh maith» d' fhógair Iosrael go léir Omraí a gceann feadhna ina rí ar Iosrael an lá céanna sa longfort. |
| 17 |
| Scoir Omraí, agus Iosrael go léir mar aon leis, den léigear ar Ghibeatón, agus chuireadar léigear ar Thirzeá. |
| 18 |
| Nuair a chonaic Zimrí go raibh an chathair gafa chuaigh sé isteach i ndún phálás an rí, chuir an pálás trí thine sa mhullach air féin agus fuair bás, |
| 19 |
| de bharr na bpeacaí a rinne sé ag déanamh an oilc i láthair an Tiarna, ag déanamh aithris ar Iarobám, agus an pheaca inar threoraigh sé Iosrael. |
| 20 |
| An chuid eile de stair Zimrí, an chomhcheilg a rinne sé, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? |
| 21 |
| Rinneadh dhá pháirtí de mhuintir Iosrael ansin; lean leath an phobail Tibní mac Ghíonat le rí a dhéanamh de, agus an leath eile Omraí. |
| 22 |
| Fuair an páirtí a lean Omraí an lámh in uachtar ar an bpáirtí a lean Tibní. Fuair Tibní bás, agus rinneadh rí de Omraí. |
| 23 |
| San aonú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, tháinig Omraí i gcoróin ar Iosrael agus bhí sé i réim ar feadh dhá bhliain déag. Bhí sé sé bliana i réim i dTirzeá. |
| 24 |
| Ansin cheannaigh sé sliabh (na Samáire) ó Sheimir ar dhá thallann airgid agus thóg sé cathair air agus thug sé an tSamáir uirthi ó Sheimir, an té ar leis an sliabh. |
| 25 |
| Rinne Omraí an t-olc i bhfianaise an Tiarna, agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta. |
| 26 |
| Rinne sé aithris chruinn ar Iarobám mac Nabát agus ar na peacaí inar threoraigh sé Iosrael, ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n-íola baotha. |
| 27 |
| An chuid eile de stair Omraí, a imeachtaí, agus a ghaisce, nach bhfuil sin uile scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? |
| 28 |
| Ansin chuaigh Omraí chun suain lena shinsir agus cuireadh é sa tSamáir. Tháinig a mhac Acháb i gcomharbacht air. |
| 29 |
| Tháinig Acháb mac Omraí i gcoróin ar Iosrael san ochtú bliain tríochad de réimeas Ásá rí Iúdá, agus bhí sé ina rí ar Iosrael sa tSamáir ar feadh dhá bhliain agus fiche. |
| 30 |
| Rinne Acháb mac Omraí an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus sháraigh sé ar ghabh roimhe go léir lena dhrochbhearta. |
| 31 |
| Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh. |
| 32 |
| Thóg sé altóir do Bhál i dteampall Bhál a thóg sé dó sa tSamáir. |
| 33 |
| Chuir Acháb cuaille naofa ina sheasamh chomh maith, agus rinne sé coireanna eile ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, thar mar a rinne ríthe uile Iosrael a ghabh roimhe. |
| 34 |
| Is lena linn a d' atóg Híéil ó Bhéitéil Ireachó. Dhíol sé a chéadghin, Aibíorám, mar cháin ag leagan a mháithreacha, agus Sagúb, an mac ab óige leis, ag tógáil a gheataí, faoi mar a thairngir an Tiarna trí Iósua mac Nún. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/1kings/016.mp3
22
16