Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| An Triomach |
| 2 |
| Tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: |
| 3 |
| «Imigh leat as an áit seo, gabh soir agus téigh i bhfolach i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin. |
| 4 |
| Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.» |
| 5 |
| Rinne sé mar a dúirt an Tiarna leis; d' imigh sé agus d' fhan sé i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin. |
| 6 |
| Thugadh na fiacha arán chuige ar maidin agus feoil um thráthnóna, agus d' óladh sé uisce an tsrutháin. |
| 7 |
| Ar ball beag chuaigh an sruthán i ndísc toisc nach raibh fearthainn sa tír. |
| 8 |
| Ansin tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: |
| 9 |
| «Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.» |
| 10 |
| D' éirigh sé agus d' imigh mar sin go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt: «Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach, ionas go mbeadh deoch uisce agam.» |
| 11 |
| Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi: «Ar mhiste leat,» ar sé, «blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.» |
| 12 |
| «Dar an Tiarna do Dhia beo,» a d' fhreagair sí, «níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.» |
| 13 |
| Ach dúirt Éilias léi: «Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac. |
| 14 |
| Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael: ' Ní bheidh an próca mine ídithe, ní bheidh an crúiscín ola folamh, nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarna fearthainn ar aghaidh na talún.'» |
| 15 |
| D' imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d' ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta. |
| 16 |
| Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias. |
| 17 |
| Tamall ina dhiaidh sin bhuail taom tinnis mac na mná, bean an tí; bhí sé chomh breoite sin nár fhan an dé ann. |
| 18 |
| Dúirt an bhean le hÉilias: «Cad é atá agat i m' éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?» |
| 19 |
| «Tabhair dom do mhac,» ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d' iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d' fhág sé ina luí ar a leaba féin é. |
| 20 |
| Ghlaoigh sé go hard ar an Tiarna: «A Thiarna, a Dhia liom, an é is toil leat buaireamh a chur ar an mbaintreach atá ag tabhairt aire dom trí bhás a mic?» |
| 21 |
| Shín sé é féin ar an leanbh trí huaire agus é ag glaoch go hard ar an Tiarna: «A Thiarna, a Dhia liom, impím ort go dtaga an t-anam isteach sa leanbh seo arís.» |
| 22 |
| Thug an Tiarna cluas d' urnaí Éilias agus tháinig an t-anam isteach sa leanbh athuair agus bhí sé beo. |
| 23 |
| Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é. |
| 24 |
| «Féach,» arsa Éilias, «tá do mhac beo.» D' fhreagair an bhean: «Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.» |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/1kings/017.mp3
22
17