Dúirt rí Iosrael lena oifigigh: «An bhfuil a fhios agaibh go mbaineann Rámot Gileád linne? Ach mar sin féin ní chuirimid cor asainn chun é bhaint as lámha rí Arám.»
Dúirt sé le Iahóiseáfát: «An dtiocfaidh tú liom chun troda ag Rámot Gileád?» D' fhreagair Iahóiseáfát rí Iosrael: «Táimse chomh hullamh leat féin, mo mhuintir le do mhuintirse, agus m' eachra le d' eachra.»
Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. «Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?» ar sé. «Téigh,» ar siad, «tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.»
D' fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: «Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.» «Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,» arsa Iahóiseáfát.
Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair.
Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Canáná dó féin. «Seo mar a deir an Tiarna,» ar sé, «' Déanfaidh tú na hArámaigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.'»
An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: «Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.»
Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: «A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?» D' fhreagair sé: «Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!»
Ansin labhair Míocáia: «Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte, mar chaoirigh gan aoire. Agus dúirt an Tiarna: 'Níl máistir orthu seo; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.'»
Lean Míocáia air: «Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: «Conas a d' fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?»
agus abraigí: 'Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.'»
Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d' éidí rí ortsa.» Chuaigh rí Iosrael sa chath faoi bhréagriocht.
Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: «Sin é, ar ndóigh, rí Iosrael,» agus d' iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát a gháir chatha suas
Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach. «Iompaigh timpeall,» arsa an rí lena chairbtheach, «agus beir leat as an gcath mé, mar táim gonta.»
Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; coimeádadh an rí ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hArámaigh nó go bhfuair sé bás tráthnóna, agus fuil a chréachta ag sní ar urlár an charbaid.
An chuid eile de stair Acháb, a imeachtaí go léir, an teach eabhair a thóg sé, agus na cathracha go léir a thóg sé, nach bhfuil siadsan go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Bhí Iahóiseáfát cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Silchí ab ainm dá mhathair.
43 Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna. 44 Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus d' ofráladh an pobal íobairtí agus túis fós ar na hardionaid.
49 rinne Iahóiseáfát rí loingeas Thairsís le dul go hÓifír ag triall ar ór, ach níor shroich an loingeas ceann scríbe, ach scriosadh iad ag Eizión Geibir.
52 Tháinig Achaizíá mac Acháb i gcoróin Iosrael sa tSamáir sa seachtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát rí Iosrael, agus bhí sé i réim in Iosrael ar feadh dhá bhliain.