Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Nuair a bhí deireadh déanta ag Solamh ag togáil Theampall an Tiarna, agus an pháláis, agus gach ar mhian leis a thógáil, |
| 2 |
| thaispeáin an Tiarna é féin arís do Sholamh faoi mar a thaispeáin sé é féin dó i nGibeón. |
| 3 |
| Dúirt an Tiarna leis: «D' eist mé le d' urnaí agus leis an achainí a rinne tú os mo chomhair. Choisric mé an teach seo a thóg tú, agus chuir mé m' ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe. |
| 4 |
| Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair le glaine chroí agus le hionracas, mar a rinne Dáiví d' athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna, |
| 5 |
| daingneoidh mé do ríchathaoir os cionn Iosrael go deo, faoi mar a gheall mé do Dháiví d' athair á rá: 'Ní bheidh tú riamh gan fear i ríchathaoir Iosrael.' |
| 6 |
| Ach má iompaíonn sibh féin uaim agus gan mé a leanúint, nó bhur gclann mhac, agus nach gcoimeádfaidh sibh na haitheanta ná na reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh, |
| 7 |
| ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m' ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir. |
| 8 |
| Agus maidir leis an Teampall seo, déanfar leachtán de; cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid; ligfidh siad fead agus déarfaidh siad: 'Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo ar an tír agus ar an Teampall seo?' |
| 9 |
| Agus sé freagra a gheobhaidh siad: 'Mar gur thréig siad an Tiarna a nDia a thug a sinsir amach as tír na hÉigipte, agus gur ghlac siad chucu déithe eile agus gur thug siad ómós agus seirbhís dóibh; sin é an fáth ar thug an Tiarna an drochíde sin go léir orthu.'» |
| 10 |
| Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh an dá fhoirgneamh a thógáil, Teampall an Tiarna agus a phalás féin, |
| 11 |
| (thug Híorám rí na Tuíre oiread adhmaid chéadair agus chufróige agus óir agus ab áil leis, do Sholamh) thug Solamh fiche cathair i dtír na Gailíle do Híorám. |
| 12 |
| Ach nuair a tháinig Híorám ón Tuír chun na cathracha a thug Solamh dó a iniúchadh, ní raibh sé sásta leo. |
| 13 |
| «Cén sórt cathracha iad sin a thug dom, a bhráthair?» ar sé. Agus go dtí an lá inniu féin tugtar «Tír Cábúl» (Gan Mhaith) orthu. |
| 14 |
| Chuir Híorám céad agus fiche tallann airgid chun an rí. |
| 15 |
| Seo cur síos ar an saothar éigeantach a rinne Solamh a thobhach do thógáil Teampall an Tiarna, a phálás féin, an Mileo, balla Iarúsailéim, Hazór, Migideo, Geizir |
| 16 |
| (ghabh Forann rí na hÉigipte suas agus ghabh sé Geizir, chuir sé trí thine é agus bhásaigh a raibh de Chanánaigh ina gcónaí ann; ansin thug sé an chathair mar spré dá iníon, bean Sholaimh. |
| 17 |
| Rinne Solamh Geizir a atógáil), Béit Horon Íochtarach, |
| 18 |
| agus Bálat agus Támár san fhásach in Iúdá. |
| 19 |
| agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach arbh áil le Solamh a thógáil in Iarúsailéim, sa Liobáin, agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas. |
| 20 |
| Gach ar mhair de na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh de chlann Iosrael iad; |
| 21 |
| a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár éirígh le clann Iosrael a chur faoin mbang; chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing daoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin. |
| 22 |
| Ach níor chuir Solamh aon duine de mhuintir Iosrael faoi dhaoirse; iadsan a bhí aige mar shaighdiúirí, mar oifigigh, mar cheannfoirt, mar chaptaein, mar cheannairí carbad, agus mar thaoisigh marcshlua. |
| 23 |
| Seo iad na maoir a bhí ar na saoistí a bhí i mbun saothar Sholaimh: cúig chéad go leith i bhfeighil na ndaoine a bhí gafa leis an obair. |
| 24 |
| Tar éis d' iníon Fhorainn dul ó Dhúnfort Dháiví go dtí an teach a thóg Solamh di féin, ansin a thóg sé an Mileo. |
| 25 |
| D' ofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach trí huaire sa bhliain ar an altóir a thóg sé don Tiarna, agus dhódh sé túis don Tiarna, agus choinnigh sé slacht ar an Teampall. |
| 26 |
| Thóg Solamh rí cabhlach ag Eizión Geibir i gcóngar Éalat ar bhruach na Mara Rua i dtír Eadóm. |
| 27 |
| Don chabhlach seo chuir Híorám fir dá chuid a bhí eolgaiseach ar chúrsaí mara chun seirbhís a dhéanamh le fir Sholaimh. |
| 28 |
| Chuadar go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad agus fiche tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/1kings/009.mp3
22
9