5 Dúirt Ióáis leis na sagairt: «An t-airgead go léir as na dleachta naofa a thugtar go Teampall an Tiarna, an t-airgead as na cánacha pearsanta (an t-airgead ó na daoine de réir mar áiríonn sé iad), agus an t-airgead a thugtar le deabhóid chroí isteach i dTeampall an Tiarna
8 Uime sin chuir Ióáis fios ar Iahóideá agus ar na sagairt eile. «Cén fáth nach bhfuil an Teampall á dheisiú agaibh?» d' fhiafraigh sé. «Ná tógaigí a thuilleadh airgid dá bhrí sin ó bhur lucht aitheantais ach é a thabhairt suas ar son deisiú an Teampaill.»
10 Ansin fuair Iahóideá an sagart cófra, chuir poll ina chlab agus chuir é le taobh [án cholúin] ar dheis ar an tslí isteach i dTeampall an Tiarna; chuireadh na sagairt a bhí i bhfeighil an dorais an t-airgead go léir a thugtaí go dtí Teampall an Tiarna isteach ann.
11 Nuair a d' fheicidís go raibh a lán airgid sa chófra, thagadh rúnaí an rí agus an t-ardsagart agus dhéanaidís an t-airgead i dTeampall an Tiarna a leá agus a thomhas.
12 Nuair a bhíodh sé tomhaiste thugaidís an t-airgead do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna, agus chaithidís é ar na siúinéirí agus ar na tógálaithe a bhíodh ag obair ar Theampall an Tiarna,
13 ar na saoir agus ar na gearrthóirí cloch; chaithidís chomh maith é ag ceannach adhmaid agus cloch gearrtha chun Teampall an Tiarna a dheisiú, agus ag díol as costais deisiú an Teampaill go léir.
19 Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d' ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D' imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim.
22 Ba iad a shearbhóntaí Iózácár mac Shimeát agus Iahózábat mac Shiomaer a threascair agus a mharaigh é. Rinneadar é a adhlacadh i nDúnfort Dháiví lena shinsir agus tháinig a mhac Amaiziá i gcomharbacht air.