×

Bíobla Naofa 1981

2 Ríthe 13

1
Sa tríú bliain fichead de réimeas Ióáis mac Achaizíá rí Iúdá, tháinig Iahóácház mac Iéahú i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim.
2
Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé air leis na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, gan éirí astu.
3
Las fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé suas gan sos iad do chumhacht Hazáéil rí Arám agus Bhein Hadad mac Hazáéil.
4
Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus d' éist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael.
5
(Thug an Tiarna fuasclóir dóibh [a d' fhuascail iad] ó lámha na nArámach, agus chónaigh clann Iosrael ina mbothanna mar a rinneadar roimhe sin.
6
Ach níor éiríodar as na peacaí inar threoraigh Iarobám Iosrael, ach leanadar orthu agus fágadh an cuaille naofa sa tSamáir.)
7
Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach d' arm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte.
8
An chuid eile de stair Iahóácház, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
9
Ansin chuaigh Iahóácház chun suain lena shinsir agus rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir, agus tháinig a mhac Ióáis i gcomharbacht air.
10
Sa seachtú bliain tríochad de réimeas Ióáis rí Iúdá tháinig Ióáis mac Iahóácház i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé sé bliana déag i réim.
11
Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus níor staon sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, ach lean sé orthu.
12
An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a chuir sé cogadh ar Amaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
13
Ansin chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus shuigh Iarobám ina ríchathaoir. Adhlacadh Ióáis sa tSamáir le ríthe Iosrael.
14
Nuair a bhuail tinneas a bháis Eilíseá, ghabh Ióáis rí Iosrael síos chuige, agus chrom ar ghol ina láthair á rá: «A athair liom, a athair liom, a charbaid Iosrael lena eachra!»
15
Dúirt Eilíseá leis: «Faigh bogha agus saigheada,» agus fuair sé bogha agus saigheada.
16
Ansin dúirt sé leis an rí: «Tarraing an bogha,» agus tharraing. Chuir Eilíseá a lámha thar lámha an rí.
17
«Oscail an fhuinneog thoir,» ar sé, agus d' oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: «Scaoil an tsaighead,» agus scaoil. Dúirt sé ansin: «Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.»
18
Ansin dúirt Eilíseá: «Tóg na saigheada,» agus thóg sé iad. Ansin dúirt sé le rí Iosrael: «Buail an talamh,» agus bhuail sé trí huaire é, agus ansin stad sé.
19
Tháinig fearg ar an ngiolla Dé leis dá bharrsan. «Bhí sé de cheart agat é a bhualadh cúig nó sé huaire,» ar sé, «agus chloífeá Arám go hiomlán agus chuirfeá deireadh leis; anois ní bhrisfidh tú ar Arám ach trí huaire.»
20
Fuair Eilíseá bás, agus adhlacadh é. Bhíodh díormaí Móábach ag déanamh ionraidh ar an tír gach [bliain].
21
Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.
22
Bhí Hazáéil rí Arám ag déanamh géarleanúna ar Iosrael i gcaitheamh ré Iahóácház ar fad.
23
Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d' iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).
24
Fuair Hazáéil rí Arám bás, agus tháinig Bein Hadad i gcomharbacht air.
25
Ansin ghabh Ióáis mac Iahóácház ar ais ó Bhein Hadad mac Hazáéil na cathracha a ghabh seisean óna athair Iahóácház le neart airm. Bhris Ióáis air faoi thrí agus fuair ar ais cathracha Iosrael.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí