Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Sa dara bliain de réimeas Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael rinneadh rí ar Iúdá d' Amaiziá mac Ióáis. |
| 2 |
| Bhí sé cúig bliana fichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Iahóadaín ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair. |
| 3 |
| Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níorbh ionann agus a shinsear Dáiví. Rinne sé aithris ar a athair Ióáis i ngach slí. |
| 4 |
| Níor scriosadh na hardionaid, áfach, agus bhí an pobal fós ag ofráil íobairtí sna hardionaid. |
| 5 |
| Nuair a bhí greim daingean aige ar an ríocht, chuir sé chun báis na hoifigigh úd a mharaigh a athair, an rí. |
| 6 |
| Níor chuir sé chun báis clann na ndúnmharfóirí, afach, de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: «Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac, ná mic ar son a n-aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.» |
| 7 |
| Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin. |
| 8 |
| Ansin chuir Amaiziá teachtairí go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú rí Iosrael á rá: «Tar agus bíodh triail againn as a chéile!» |
| 9 |
| Chuir Ióáis rí Iosrael teachtaireacht go hAmaiziá rí Iúdá: «Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: 'Tabhair d' iníon le pósadh do mo mhac,' ach rinne ainmhí allta sa Liobáin an feochadán a shatailt faoina chosa agus é ag gabháil thar bráid. |
| 10 |
| Rinne tú Eadóm a chloí agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce, ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scrios?» |
| 11 |
| Ach ní éisteodh Amaiziá agus ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá. |
| 12 |
| Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile. |
| 13 |
| Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá mac Ióáis mac Achaizíá, ag Béit Seimis, agus [thug sé] leis é go Iarúsailéim; scartáil sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad. |
| 14 |
| Thug sé leis an t-airgead agus an t-ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna, agus i gcistí phálás an rí, agus gialla chomh maith, agus ansin d' fhill ar an tSamáir. |
| 15 |
| An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a throid sé le hAmaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? |
| 16 |
| Agus chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus adhlacadh é sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Iarobám i gcomharbacht air. |
| 17 |
| Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael. |
| 18 |
| An chuid eile de stair Amaiziá, nach bhfuil sé go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá? |
| 19 |
| Rinneadh comhcheilg ina aghaidh in Iarúsailéim agus theith sé go Láicís ach chuaigh an tóir ina dhiaidh go Láicís agus cuireadh chun báis ansiúd é. |
| 20 |
| Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví lena shinsir. |
| 21 |
| Thogh muintir Iúdá go léir Azairiá, agus gan é ach sé bliana déag d' aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá. |
| 22 |
| Eisean a d' atóg Éalat agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir. |
| 23 |
| Sa chúigiú bliain déag de réimeas Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá rinneadh rí ar Iosrael sa tSamáir de Iarobám mac Ióáis. Bhí sé bliain agus daichead ina rí. |
| 24 |
| Rinne sé an t-olc i súile an Tiarna agus níor scar sé le haon pheaca inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael. |
| 25 |
| Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir. |
| 26 |
| Óir chonaic an Tiarna a ghéire a bhí cruachás Iosrael, gan aon duine daor ná saor le teacht i gcabhair ar Iosrael. |
| 27 |
| Ach gheall an Tiarna nach scriosfadh sé ainm Iosrael ó chlar na cruinne agus d' fhuascail sé iad le láimh Iarobám mac Ióáis. |
| 28 |
| An chuid eile de stair Iarobám, a imeachtaí go léir, a ghaisce, na cogaí a d' fhear sé, (conas mar a bhuaigh sé an Damaisc agus Hamát i Iáidí), nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael? |
| 29 |
| Ansin chuaigh Iarobám chun suain lena shinsir. Rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir le ríthe Iosrael. Tháinig Zacairiá i gcomharbacht air. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2kings/014.mp3
25
14