Bhí Áchaz fiche bliain d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus mhair a réimeas ar feadh sé bliana déag i Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia dála Dháiví a athair.
Lean sé sampla ríthe Iosrael agus thug ar a mhac féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
Ansin is ea a thánig Reizín rí Arám agus Peacach mac Ramailiá rí Iosrael chun Iarúsailéim a ionsaí. Chuireadar léigear [air] ach níorbh fhéidir dóibh é a ghabháil.
(San am sin, ghabh rí [Eadóm] Éalat ar ais d' Eadóm; thiomáin sé fir Iúdá ó Éalat agus ghabh na hEadómaigh seilbh air agus tá siad ag cur fúthu ann go dtí an lá inniu.)
Ansin sheol Áchaz teachtairí go Tigleat Pileisir rí na hAsaíre á rá: «Mise do shearbhónta agus do mhac. Tar agus fuascail mé ó rí Arám agus ó rí Iosrael atá ag cur catha orm.»
Nuair a chuaigh Áchaz rí chun na Damaisce le bualadh le Tigleat Pileisir rí na hAsaíre chonaic sé an altóir a bhí sa Damaisc. Agus chuir Áchaz rí tomhais na haltóra, cuspa di, agus sonraí a déantúis, go dtí Úiriá sagart.
Agus thóg Úiriá sagart an altóir, agus rinne sé í go beacht de réir na dtreoracha go léir a chuir Áchaz rí ón Damaisc sular tháinig Áchaz rí ar ais ón Damaisc.
An altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna, thóg sé chun siúil í ó thosach an Teampaill, mar a raibh sí idir an altóir [nua] agus Teampall an Tiarna, agus chuir ar an taobh thuaidh den altóir [nua] í.
Thug Áchaz rí an t-ordú seo do Úiriá an sagart: «Dóigh as seo amach ar an altóir mhór íobairt dhóite na maidine, abhlann an tráthnóna, íobairt uileloiscthe an rí agus a abhlann, agus íobairt uileloiscthe phobail na tíre go léir, agus a n-abhlann, agus a n-ofráil dí. Croith uirthi fuil na n-íobairtí dóite go léir agus fuil na n-ofrálacha go léir. Maidir leis an altóir chré-umha, beidh sí fúm féin le haghaidh oracal.»
Ghearr Áchaz rí creatlaigh na seastán chun siúil, bhain na trasnáin agus na miasa anuas díobh; thóg an mhuir chré-umha anuas de na daimh a bhí á hiompar agus leag í ar bhonn cloiche.