Bhí sé cúig bliana fichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Aibí iníon Zacairiá ab ainm dá mháthair.
Eisean a scrios na hardionaid agus a bhris na colúin, agus a ghearr anuas na cuaillí naofa, agus a rinne smidiríní den nathair chré-umha a rinne Maois mar go dtí sin bhí túis á dó di ag clann Iosrael. Nahuisteán a thugtaí uirthi.
Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi.
Thug rí na hAsaíre na hIosraelaigh leis go dtí an Asaír, agus chuir sé chun cónaithe iad i Halach ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.
Tharla sin mar nár ghéill siad do ghlór an Tiarna a nDia, agus gur sháraigh siad a chonradh, agus nár thug siad cluas do gach ar ordaigh Maois, searbhónta an Tiarna, agus go raibh siad easumhal dó.
Ansin chuir Hiziciá rí Iúdá teachtaireacht go rí na hAsaíre i Láicís. «Rinne mé coir; cas i leataobh uaim; cuirfidh mé suas le cibé pionós a leagfaidh tú orm.» Agus d' éiligh rí na hAsaíre trí chéad tallann airgid agus tríocha tallann óir ar Hiziciá rí Iúdá.
Ansin is ea a bhain Hiziciá an t-ór de chomhlaí agus d' ursaineacha Theampall an Tiarna, an t-ór a chuir (Hiziciá) rí Iúdá mar chumhdach orthu, agus thug é do rí na hAsaíre.
Chuir rí na hAsaíre an priomhchornaire (an ceann feadhna agus an príomhchoillteán) agus slua mór ó Láicís go Hiziciá rí in Iarúsailéim. Ghabh sé suas go Iarúsailéim agus nuair a tháinig sé ansiúd, sheas sé taobh le sileán na linne uachtair atá ar an mbóthar go Gort an Úcaire.
An dóigh leat go bhfuil focail bhaotha chomh maith le straitéis agus cumhacht mhíleata? Cé as a bhfuil do sheasamh a rá is go bhfuil sé de dhánaíocht ionat ceannairc a dhéanamh i m' aghaidh?
Is léir go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt anois, an ghiolcach bhriste sin, bata a phriocann agus a ghoineann lámh an té a luíonn uirthi mar sin atá ag Forann rí na hÉigipte le gach duine a bhíonn ag brath air.
B' fhéidir go ndéarfadh sibh liom: Ar an Tiarna ár nDia atáimid ag brath. Ach nach iad a ardionaidsean agus a altóirí a thóg Hiziciá chun siúil, a rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: Sí an altóir seo in Iarúsailéim ar cheart daoibh adhradh os a comhair?
Cuir geall anois, más ea, le mo mháistir, rí na hAsaíre: Tabharfaidh mé dhá mhíle each duit más féidir leat dhá mhíle marcach a fháil le dul ar a muin.
Cén chaoi arbh fhéidir leat oiread agus aon chaptaen amháin den lucht is táire de shearbhóntaí mo mháistir a chloí a rá is go bhfuil tú ag brath ar an Éigipt d' eachra agus do charbaid?
Agus thairis sin, an bhfuilimse tagtha aníos chun an áit seo a ionsaí agus a scrios gan barántas ón Tiarna? Dúirt an Tiarna féin liom: Gluais i gcoinne na tíre sin agus déan é a scrios.'»
Ansin dúirt Eiliácaím mac Hilcíá agus Seabná agus Ióách leis an bpríomhchornaire: «Labhair as Aramais le do thoil le do shearbhóntaí mar tuigimid í; ná labhair linn as teanga Iúdá i gclos na ndaoine ar na ballaí.»
Ach dúirt an príomhchornaire leo: «An dóigh leat gur le hé seo a rá le do mháistir nó leatsa a chuir mo mháistir mise anseo? Ní hea ach leis na daoine ar na ballaí, a bhfuil sé i ndán dóibh a gcac féin a ithe, agus a mún féin a ól bhur ndála féin.»
Ná cuireadh Hiziciá ina luí oraibh a bheith ag brath ar an Tiarna lena rá libh: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt go cinnte agus ní thabharfar an chathair seo i lámha rí na hAsaíre.'
Ná héistigí le Hiziciá, mar seo mar a deir rí na hAsaíre: 'Déanaigí síocháin liom, agus géilligí dom, agus íosfaidh gach duine agaibh toradh a fhíniúna féin, agus toradh a chrann figí féin, agus ólfaidh gach duine agaibh uisce as a umar féin,
nó go dtaga mé agus sibh a bhreith liom go tír mar bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort, tír ológ agus meala, i dtreo nach bás ach beatha a bheidh i ndán daoibh. Ná héistigí le Hiziciá agus é ag cur an dallamullóg oraibh á rá: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt.
Cá bhfuil déithe Hamát agus Arpád? Cá bhfuil déithe Shafarvaím agus Haena, agus Íveá? [Cá bhfuil déithe thír na Samáire?] Ar fhuascail siad an tSamáir as mo ghreim?
Ansin chuaigh Eiliácaím mac Hilcíá, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus Ióách mac Ásáf, an callaire, go Hiziciá agus a n-éidí stróicthe, agus d' inis dó céard a dúirt an príomhchornaire.