Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Nuair a chuala Hiziciá rí é sin, stróic sé a éidí agus chlúdaigh é féin le héadach róin agus chuaigh isteach i dTeampall an Tiarna. |
| 2 |
| Chuir sé Eiliácaím, reachtaire an pháláis, agus Seabná, an rúnaí, agus seanóirí na sagart, agus iad gléasta in éadach róin, go dtí an fáidh Íseáia mac Ámóz. |
| 3 |
| Dúirt siad leis: «Mar seo a deir Hiziciá: 'Lá anró an lá seo, lá pionóis agus aithise. Tá leanaí i mbéal a mbreithe, ach níl sé de neart ag a máithreacha iad a thabhairt ar an saol. |
| 4 |
| Go gcluine an Tiarna do Dhia briathra uile an phríomhchornaire a chuir a mháistir, rí na hAsaíre, chun masla a thabhairt do Dhia beo, agus go ndéana an Tiarna do Dhia na briathra a chuala sé a agairt. Cuir suas do ghuí dá bhrí sin ar son an iarmhair atá fágtha.'» |
| 5 |
| Nuair a tháinig searbhóntaí an rí Hiziciá go Íseáia, |
| 6 |
| d' fhreagair seisean: «Abraigí le bhur máistir: 'Mar seo a deir an Tiarna: Ná bíodh eagla oraibh roimh na briathra a chuala sibh ná roimh na maslaí a chaith seirbhísigh rí na hAsaíre liom. |
| 7 |
| Táim ar tí spiorad a chur ann agus cluinfidh sé ráfla agus fillfidh sé ar a thír féin, agus fágfaidh mé ar lár leis an gclaíomh é sa tír sin.'» |
| 8 |
| D' fhill an príomhchornaire agus fuair rí na hAsaíre ag troid in aghaidh Libneá mar bhí sé cloiste aige gur fhág an rí Láicís. |
| 9 |
| Chuir Sanaichéiríb teachtairí ag triall ar Hiziciá a rá: Fuair an rí scéala faoi Thiorhácá rí Chúis: «Tá sé chugat chun cath a chur ort.» |
| 10 |
| «Abraigí an méid seo le Hiziciá rí Iúdá: 'An Dia ar a bhfuil tú ag brath, ná mealladh sé thú á rá: Ní thiocfaidh Iarúsailéim faoi smacht rí na hAsaíre. |
| 11 |
| Tá a fhios agat faoi seo cad a rinne ríthe na hAsaíre le gach tír á gcur faoin mbang? An dóigh, mar sin, go dtiocfaidh tusa slán? |
| 12 |
| Gózán, Hárán, Reizif, muintir Eidin a bhí i dTeil Asár ar fuasclaíodh iadsan ag na déithe a bhí ag na ciníocha sin a scrios mo shinsir? |
| 13 |
| Cá bhfuil rí Hamát, agus rí Arpád, agus rí chathair Shafarvaím, agus rí Haena, agus Íveá?'» |
| 14 |
| Ghlac Hiziciá an litir as lámha na dteachtairí agus léigh sé í. Chuaigh sé suas chuig Teampall an Tiarna ansin agus leath sé an litir amach os comhair an Tiarna. |
| 15 |
| Agus dúirt Hiziciá an urnaí seo i láthair an Tiarna: «A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá i do shuí sa chathaoir ríoga ar na ceiribíní, is tusa amháin Dia ríochtaí uile an domhain; is tusa a rinne neamh agus talamh. |
| 16 |
| Claon do chluas, a Thiarna, agus éist. Oscail do shúile, a Thiarna, agus feic. Éist le briathra Shanaichéiríb A chuir sé a mhaslú Dé bheo. |
| 17 |
| «Is fíor, a Thiarna, gur dhíothaigh ríthe na hAsaíre na náisiúin (agus a dtíortha). |
| 18 |
| Chaith siad a ndéithe isteach sa tine, mar nár dhéithe ar bith iad sin, ach saothar lámh daonna, déanta as adhmad agus cloch; agus ar an ábhar sin scriosadh iad. |
| 19 |
| Ach anois, a Thiarna, a Dhia linn, saor sinne óna láimh, impím ort, i dtreo go mbeadh a fhios ag ríochtaí uile na cruinne gur tusa amháin is Dia, a Thiarna.» |
| 20 |
| Ansin chuir Íseáia mac Ámóz scéala chuig Hiziciá. Dúirt sé: «Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: 'Chuala mé an achainí a rinne tú orm faoi Shanaichéiríb rí na hAsaíre.' |
| 21 |
| Seo é an focal a labhair an Tiarna faoi dtaobh de: ' Tá drochmheas aici ort, agus is beag uirthi thú an ógh, iníon Shión; croitheann sí a ceann ar do chúla, iníon Iarúsailéim. |
| 22 |
| Cé dó ar thug tú masla agus tarcaisne? Cé hé ar ardaigh tú do ghlór ina aghaidh Agus ar fhéach tú suas air le huaill do shúl? Aon Naofa Iosrael! |
| 23 |
| Thug tú aithis don Tiarna trí do theachtairí; dúirt tú: Le mo shluaite carbad ghabh mé suas ar bheanna na sléibhte, ar bheanna buaice na Liobáine. Ghearr mé anuas na céadair is airde ann, tógha a chufróg. Ghabh mé isteach ina ascaillí cúil agus i ndoimhne a fhoraoise. |
| 24 |
| Thochail mé toibreacha agus d' ól mé uiscí coigríocha. Thiormaigh sruthanna na hÉigipte faoi thrácht mo chos. |
| 25 |
| Ar chuala tú? Fadó a chinn mé air agus bheartaigh mé ó na cianta a bhfuil á chur i gcrích anois agam. Ba é do ghnó na cathracha daingne a leagan ar lár ina bhfothracha. |
| 26 |
| Tá a lucht cónaithe fágtha gan neart, faoi uafás agus faoi mhearbhall. Is cuma iad nó lusra an bháin, nó féar leochaileach, nó féar ar dhíon tí nó i móinéar á shuaitheadh [ag an ngaoth anoir]. |
| 27 |
| Is eol dom nuair a éiríonn tú agus nuair a shuíonn tú, nuair a ghabhann tú amach agus isteach. |
| 28 |
| De bhrí gur éirígh tú amach le fraoch i mo choinne, agus gur chuala mo chluas uaill d' uabhair, cuirfidh mé m' fháinne ar do shrón, agus mo bhéalbhach i do bhéal, agus cuirfidh mé d' iallach ort filleadh ar ais ar an mbóthar ar ar tháinig tú. |
| 29 |
| Agus beidh sé seo mar chomhartha agat: i mbliana íosfaidh sibh an grán a fhásfaidh uaidh féin, agus an bhliain seo chugainn a bhfásfaidh as sin ar an mbán. Ach cuirigí síol agus bainigí fómhar an tríú bliain, saothraígí fíonghoirt agus ithigí a dtoradh. |
| 30 |
| An t-iarmhar a fhágfar de theaghlach Iúdá, cuirfidh sé fréamha úra amach thíos agus torthaí thuas. |
| 31 |
| Óir rachaidh iarmhar amach as Iarúsailéim agus fuíoll áir ó Chnoc Shíón. Dúthracht an Tiarna a chuirfidh é sin i gcrích.' |
| 32 |
| «Seo mar a deir an Tiarna faoi rí na hAsaíre: ' Ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, Ná ní scaoilfidh sé saighead léi, Ná ní sheasfaidh ina coinne le sciath, Ná ní thógfaidh múr léigir ina haghaidh. |
| 33 |
| Fillfidh sé an bealach a tháinig, ní thiocfaidh sé isteach sa chathair seo, a deir an Tiarna. |
| 34 |
| Déanfaidh mé an chathair seo a chosaint agus a fhuascailt, ar mo shon féin, agus ar son Dháiví, mo shearbhónta.'» |
| 35 |
| An oíche cheannann chéanna ghabh aingeal an Tiarna amach agus bhásaigh sé céad agus a hochtó cúig míle fear i gcampa na nAsaíreach. Go moch lá arna mhárach nuair a bhí sé in am éirí, b' shiúd ansin iad go léir faon marbh. |
| 36 |
| Scor Sanaichéiríb a champa agus d' imigh; d' fhill sé abhaile agus chuir sé faoi i Nínivé. |
| 37 |
| Agus tharla agus é ag adhradh i dteampall a dhé féin Niosroc, gur mharaigh a mhic féin, Adraimeilic agus Seaireizir, é le faobhar claímh agus theith siad go tír Ararat. Tháinig a mhac Éasarchadon i gcomharbacht air. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2kings/019.mp3
25
19