×

Bíobla Naofa 1981

2 Ríthe 22

1
Bhí Ióisíá ocht mbliana d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim. Idídeá, iníon Adáiá ó Bhozcat, ab ainm dá mháthair.
2
Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.
3
San ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí chuir an rí Seáfán mac Azailiá mac Mheisiulám, an rúnaí, go Teampall an Tiarna.
4
«Téigh go Hilcíá, an t-ardsagart,» ar sé leis, «agus abair leis an t-airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus é siúd a chruinnigh gardaí na tairsí ón bpobal, [a leá].
5
Tugtar ansin é do shaoistí na n-oibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna le go gcaithfidís é ar an lucht oibre atá i mbun Teampall an Tiarna a dheisiú,
6
ar na siúinéirí, is é sin, agus ar na tógálaithe, agus ar na saoir, agus chomh maith ar adhmad agus cloch ghearrtha a cheannach do dheisiú an Teampaill.
7
Ach ní iarrfar orthu cuntas a thabhairt ar an airgead a thabharfar dóibh, mar tá siad ionraic ó bheart.»
8
Dúirt Hilcíá, an t-ardsagart, le Seáfán, an rúnaí: «Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna.» Agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán agus léigh seisean é.
9
Chuaigh Seáfán an rúnaí go dtí an rí agus seo mar a d' aithris sé dó: «Rinne do shearbhóntaí,» ar seisean, «an t-airgead a bhí sa Teampall a leá, agus thug siad é do na saoistí ar na hoibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna.»
10
Ansin d' inis Seáfán, an rúnaí, don rí: «Tá Hilcíá, an sagart, tar éis leabhar a bhronnadh orm,» agus léigh Seáfán os ard i láthair an rí é.
11
Nuair a bhí a raibh i leabhar an dlí cloiste ag an rí stróic sé a chuid éadaigh.
12
Ansin thug an rí an t-ordú seo leanas do Hilcíá, an sagart, d' Aichíceám mac Sheáfán, d' Acbór mac Mhícáiá, do Sheáfán, an rúnaí, agus d' Asáiá, searbhónta an rí:
13
«Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin agus thar ceann an phobail i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Ní foláir nó is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n-aghaidh de bhrí nach raibh ár n-aithreacha umhal d' fhocail an leabhair seo agus nár chuir siad gach rud i gcrích atá scríofa ann.»
14
Chuaigh Hilcíá, an sagart, agus Aichíceám, agus Seáfán, agus Asáiá go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealúm mac Thicveá mac Harchas, coimeádaí na n-éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim, sa bhaile nua), agus chuir siad an scéal faoina bráid.
15
D' fhreagair sí iad: «Deir an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: 'Abraigí é seo leis an té a chuir chugam sibh:
16
Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, agus mé ag cur gach a ndeirtear sa leabhar a léigh rí Iúdá i gcrích;
17
mar thréig siad mise agus dhóigh siad túis do dhéithe eile do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m' fhearg ar lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhúchadh.
18
Agus abraigí le rí Iúdá a chuir sibh le dul i gcomhairle leis an Tiarna: Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: [Comhlíonfar] na focail a chuala sibh.
19
Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d' éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit sé an Tiarna atá ag caint.
20
Dá bhrí sin déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shuaimhneas chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo.'» Thugadar an freagra sin leo ar ais go dtí an rí.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí