Ansin chuir sé scéala go dtí (Iahóiseáfát) rí Iúdá: «Tá ceannairc déanta ag rí Mhóáb i m' aghaidh. An rachaidh tú liom chun cath a chur ar Mhóab?» «Déanfaidh mé,» d' fhreagair sé; «táimse chomh hullamh leatsa, mo chuid fear le do chuidse, m' eachra le d' eachra.»
Chuir siad chun bóthair dá bhrí sin, rí Iosrael, rí Iúdá, agus rí Eadóm. Ghabhadar timpeall mór ar feadh seacht lá go dtí nach raibh uisce fágtha do na saighdiúirí ná do na beithígh iompair a lean iad.
Ach dúirt rí Iúdá (Iahóiseáfát): «An bhfuil aon fháidh leis an Tiarna anseo trína bhféadfaimis dul i gcomhairle leis an Tiarna?» D' fhreagair duine de shearbhóntaí rí Iosrael: «Tá Eilíseá mac Sheáfat anseo, an té a scaoileadh an t-uisce ar lámha Éilias.»
Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: «Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe d' athar agus do mháthar.» D' fhreagair rí Iosrael: «Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.»
D' fhreagair Eilíseá: «Dar Tiarna beo na Slua, an té dá bhfónaim, mura mbeadh go bhfuil urraim agam do Iahóiseáfát, rí Iúdá, ní thabharfainn aon aird ort ná fiú féachaint i do threo.
mar deir an Tiarna: 'Ní fheicfidh sibh gaoth ná baisteach, ach líonfar an com seo d' uisce, agus ólfaidh sibh féin agus bhur saighdiúirí agus bhur mbeithígh iompair deoch as.»
Gabhfaidh sibh gach cathair dhaingean (agus gach cathair thofa) de ruathar, leagfaidh sibh gach crann folláin, dúnfaidh sibh gach tobar fíoruisce, agus scriosfaidh sibh gach gort maith le clocha.»
Nuair a chuala Móáb go léir go raibh na ríthe tagtha aníos ag cur catha orthu, cuireadh tionól ar gach duine a bhí in ann arm a iompar idir óg is aosta, agus cuireadh in eagar catha iad ar an teorainn.
Ach nuair a shroich siad longfort Iosrael, d' éirigh na hIosraelaigh ina gcoinne agus thug siad fogha faoi na Móábaigh agus theith siadsan rompu, agus (ag dul ar aghaidh dóibh) rinneadar ár agus eirleach ar na Móábaigh.
Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil.
Nuair a chonaic rí Mhóáb go raibh an cath á bhriseadh air, bhailigh sé seacht gcéad de lucht iompair claímh féachaint an bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh amach agus dul go rí [Arám], ach theip air.
Ansin thóg sé an mac ba shine aige, a rídhamhna, agus d' ofráil é mar íobairt ar bhalla na cathrach. Bhuail taom tréan feirge iad in aghaidh Iosrael agus chúlaigh siadsan uaidh, agus d' fhill siad ar a dtír féin.