Rinne bean duine de bhráithreachas na bhfáithe achainí chun Eilíseá. «Tá do shearbhónta, m' fhear céile, marbh,» ar sí, «agus tá a fhios agat cad é mar urraim a bhí ag do shearbhónta don Tiarna. Tá fear na bhfiach tagtha chun mo bheirt leanbh a bhreith leis le bheith ina ndaoráin aige.»
Dúirt Eilíseá léi: «Céard a dhéanfaidh mé duit? Céard atá sa teach agat, inis dom?» «Níl sa teach ag do shearbhónta ach crúiscín ola,» d' fhreagair sí.
Nuair a thiocfaidh tú ar ais, dún an doras ort féin agus ar do chlann mhac, agus doirt an ola isteach sna crúscaí seo go léir agus cuir gach ceann i leataobh de réir mar a bheidh sé lán.»
D' imigh sí léi ansin agus dhún an doras uirthi féin agus ar a clann mhac; agus shíneadar na crúscaí chuici agus lean sí uirthi ag doirteadh na hola iontu.
D' imigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agús d' fhreagair sé: «Imigh agus díol an ola agus díol d' fhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.»
Lá dá raibh Eilíseá ar a bhealach go Siúnaem, chuir bean uasal a bhí ina cónaí ann tathant air fanacht agus tráth bia a bheith aige ann. As sin amach dhéanadh sé moill i gcónaí le haghaidh béile nuair a thagadh sé an bealach sin.
Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.»
Dúirt Eilíseá: «Abair é seo léi: 'Féach, rinne tú an cúram seo go léir dínne, cad is féidir dúinn a dhéanamh duit? An bhfuil aon ní ar mhaith leat a déarfaí ar do shon leis an rí nó le ceann feadhna an airm?'» Ach d' fhreagair sí: «I measc mo mhuintire féin a mhairimse.»
Chuir sí fios ar a fear agus dúirt: «Cuir duine de na searbhóntaí chugam le ceann de na hasail. Caithfidh mé brostú liom go dtí an giolla Dé agus ar ais arís.»
Chuir sí chun bóthair agus tháinig go dtí an giolla Dé ar Shliabh Chairmeil. Nuair a chonaic seisean uaidh í dúirt sé le Géichizí, a shearbhónta: «Féach, seo chugainn ár Siúnaemach!
Rith gan mhoill ina coinne agus cuir ceist uirthi: 'An bhfuil tú ar fónamh? An bhfuil d' fhear céile ar fónamh? An bhfuil an leanbh ar fónamh?'» D' fhreagair sí: «Tá.»
Nuair a tháinig sí go dtí an giolla Dé ansiúd ar an sliabh, rug sí greim ar a chosa. Tháinig Géichizí lena brú i leataobh, ach dúirt an giolla Dé: «Lig di mar tá buaireamh ina croí, agus cheil an Tiarna orm é gan é a rá liom.»
«Cuir do chrios thar do choim,» ar sé ansin le Géichizí, «agus tóg mo bhata i do láimh, agus imigh. Má bhuaileann tú le haon duine, ná beannaigh dó; agus má bheannaíonn aon duine duit, ná tabhair freagra air; agus leag mo bhata ar aghaidh an linbh.»
Ghabh Géichizí ar aghaidh rompu agus leag an bata ar aghaidh an linbh, ach ní raibh glór as ná rian den dé ann. Chuaigh sé ar ais mar sin go hEilíseá, agus dúirt leis: «Níor mhúscail an leanbh.»
Ansin chuaigh sé suas ar an leaba agus shín é fein ar an leanbh béal le béal, súile le súile, lámha le lámha. Le linn dó a bheith sínte air, tháinig teas i gcorp an linbh.
Ansin d' éirigh sé agus shiúil anonn agus anall sa teach; chuaigh sé suas ar an leaba athuair agus shín é féin ar an leanbh [seacht n-uaire]. Ansin lig an leanbh sraoth as agus d' oscail sé a shúile.
Chuir sé fios ar Géichizí ansin: «Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn,» ar sé leis agus ghlaoigh sé uirthi. Nuair a tháinig sí chuige sé a dúirt sé: «Tóg suas do mhac.»
Tháinig Eilíseá go Gilgeál agus gorta sa tír. Bhí bráithreachas na bhfáithe ina suí os a chomhair agus dúirt sé lena shearbhónta: «Cuir síos an coire mór agus beirigh praiseach do bhráithreachas na bhfáithe.»
Ghabh duine díobhsan amach faoi na bánta ag bailiú luibheanna, agus tharla fíniúin fhiáin air agus phrioc sé lán a ultaigh de chaora fiáine di. Ansin tháinig sé agus ghearr sé go mion isteach sa choire praisí iad gan a fhios aige cad iad.
Ansin scaoileadar an phraiseach amach do na fir le hithe, ach a luaithe a bhlaiseadar í, liúdar: «A ghiolla Dé, tá an bás sa choire,» agus níorbh fhéidir leo é a ithe.
«Tugaigí min dom más ea,» arsa Eilíseá. Agus chaith sé sa choire í, agus dúirt: «Scaoiligí amach chucu seo í, agus ithidís í.» Agus ní raibh aon nimh sa choire.
Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. «Tabhair don phobal é le hithe,» arsa Eilíseá.
D' fhreagair a sheirbhíseach: «Conas is féidir liom é seo a roinnt ar chéad duine?» «Tabhair don phobal é le hithe,» ar seisean go daingean, «óir seo mar a deir an Tiarna: 'Íosfaidh siad agus beidh fuíoll fágtha acu.'»