Seo mar a bhí ráite ag Eilíseá leis an mbean a ndearna sé a mac a ardú ó mhairbh: «Éirigh, agus imigh leat ar an gcoigrích, tú féin agus do líon tí, mar tá gorta glaoite ag an Tiarna tá sé ag teacht ar an tír cheana féin ar feadh seacht mbliana.»
D' éirigh an bhean agus rinne mar a dúirt an giolla Dé léi: d' imigh sí lena líon tí agus chuir fúithi ar feadh seacht mbliana i dtír na bhFilistíneach.
Nuair a bhí na seacht mbliana caite d' fhill an bhean ó thír na bhFilistíneach agus chuaigh lena héileamh faoina teach agus faoina talamh a chur faoi bhráid an rí.
Agus fad a bhí sé ag insint don rí conas mar a d' ardaigh Eilíseá an leanbh ó mhairbh, siúd í an bhean ar ardaigh Eilíseá a mac ón mbas agus í ag cur a héilimh faoina teach agus faoina talamh faoi bhráid an rí. «A thiarna mo rí,» arsa Eilíseá, «sin í an bhean cheannann chéanna, agus sin é a mac a d' ardaigh Eilíseá ó mhairbh.»
Cheistigh an rí an bhean agus d' inis sí an scéal dó. Ansin chuir an rí duine dá mhaoir ina feighil agus thug an treoir seo dó: «Féach chuige go bhfaighidh sí a maoin go léir ar ais, agus an teacht isteach go léir óna cuid talún ón lá a d' fhág sí an tír go dtí anois.»
Dúirt an rí ansin le Hazáéil: «Beir bronntanas leat agus téigh faoi choinne an ghiolla Dé, agus téigh i gcomhairle leis an Tiarna tríd a fhiafraí an dtéarnóidh mé ón tinneas seo.»
D' imigh Hazáéil faoi choinne Eilíseá agus togha mhaoin na Damaisce aige leis mar bhronntanas ualach daichead camall. Tháinig sé agus sheas sé os a chomhair agus dúirt: «Chuir do mhac Bein Hadad rí Arám mise chugat á fhiafraí díot: 'An dtéarnóidh mé ón tinneas seo?'»
«Cén fáth,» arsa Hazáéil, «go bhfuil mo thiarna ag gol?» D' fhreagair sé: «Mar go bhfuil a fhios agam an urchóid a dhéanfaidh tú do chlann Iosrael; cuirfidh tú a ndaingin trí thine, cuirfidh tú a n-ógánaigh chun báis le rinn claímh, stollfaidh tú a leanaí ina ngeireacha, agus scoiltfidh tú broinn a mban torrach.»
«Ach,» arsa Hazáéil, «cad é do shearbhónta? Níl ann ach madra le haon ní mór mar sin a dhéanamh.» «I bhfís ón Tiarna,» arsa Eilíseá, «chonaic mé thú i do rí ar Arám.»
D' fhág sé slán ag Eilíseá agus d' fhill ar a mháistir, agus d' fhiafraigh seisean de: «Cad dúirt Eilíseá?» D' fhreagair sé: «D' inis sé dom go ndéanfá téarnamh cinnte.»
Lá arna mhárach fuair sé blaincéad agus thum in uisce é agus leath ar a cheann é agus fuair sé bás ar an gcuma sin agus tháinig Hazáéil i gcoróin ina áit.
Ach ní scriosfadh an Tiarna Iúdá ar son Dháiví, a shearbhónta, mar gur gheall sé go dtabharfadh sé lóchrann go brách dó féin agus dá chlann mhac [ina láthair].
Ansin ghabh Iahórám anonn go Záír lena charbaid go léir. D' éirigh sé san oíche, agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach a bhí ina thimpeall, ach theith a arm abhaile.
Bhí Achaizíá dhá bhliain agus fiche nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá, iníon Omraí rí Iosrael, ab ainm dá bhean.
Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb agus rinne an t-olc i bhfianaise an Tiarna, faoi mar a rinne teaghlach Acháb, lena raibh sé i gcleamhnas.
D' fhill Iórám rí ar Izréil le téarnamh ó na créachtaí a fuair sé i Rámá agus é ag troid in aghaidh Hazáéil rí Arám. Ghabh Achaizíá mac Iahórám rí Iúdá síos go Izréil ar thuairisc Iórám mac Acháb mar go raibh sé breoite.