Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Chuir na Filistínigh cogadh ar Iosrael; theith fir Iosrael ó na Filistínigh agus rinneadh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa. |
| 2 |
| Lean na Filistínigh go dian sna sála ar Shól agus a mhic agus mharaigh siad Iónátán, Aibíonádáb agus Mailcíosú, mic Shóil. |
| 3 |
| Cuireadh an cath go crua ar Shól, fuair na saigheadóirí faill air agus thit sé faoi ghona na saigheadoirí. |
| 4 |
| Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: «Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh agus bheith ag fonóid fúm.» Ach bhí eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh dá bhrí sin agus chaith sé é féin air. |
| 5 |
| Nuair a chonaic a ghiolla airm go raibh Sól marbh, chaith sé é féin ar a chlaíomh chomh maith agus fuair sé bás in éineacht leis. |
| 6 |
| D' éag Sól dá réir sin, é féin agus a thriúr mac agus a ghiolla airm agus a theaghlach go léir in éineacht. |
| 7 |
| Nuair a chonaic muintir Iosrael go léir a bhí sa ghleann gur theith [an t-arm] agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d' fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus ghabhadar seilbh orthu. |
| 8 |
| Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a chlann mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa. |
| 9 |
| Lomadar é agus rugadar a cheann agus a éide chatha leo agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n-íola agus dá bpobal. |
| 10 |
| Chuireadar a éide chatha i dteampall a ndé, agus thairneáil siad a cheann in airde i dteampall Dhágón. |
| 11 |
| Nuair a chuala [lucht áitrithe] Ghileád go léir cad a rinne na Filistínigh le Sól, |
| 12 |
| chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus rugadar leo coirp Shóil agus a mhac, agus thugadar go Iáibéis iad, agus chuireadar a gcnámha faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá. |
| 13 |
| Cailleadh Sól mar sin de bharr a mhídhílseachta; ní raibh sé dílis don Tiarna mar nár chomhlíon sé a aithne, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le bean feasa ag lorg treorach uaithi |
| 14 |
| in áit treoir a lorg ón Tiarna. Chuir an Tiarna chun báis é dá bhrí sin agus thug an ríocht i láimh Dháiví, mac Ieise. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/1chronicles/010.mp3
29
10