9 Ghabh Gadaigh áirithe le Dáiví sa daingean san fhásach. Ba laochra groí iad, oilte ar sciath agus ga. Ba leoin iad ar dhealramh, agus ba gheall le fianna iad ar na sléibhte le luas.
16 Sin iad an dream a ghabh thar an Iordáin sa chéad mhí agus í ag cur thar a bruacha go léir, agus a chuir an teitheadh ar gach duine a raibh cónaí orthu ar a bruacha thoir agus thiar.
18 Chuaigh Dáiví ina gcoinne agus dúirt sé leo: «Má tháinig sibh chugam mar chairde le cabhrú liom, táim lánullamh ó chroí aontú libh; ach más d' fhonn mé a bhrath le mo naimhde, cé nach bhfúil aon urchóid ar mo lámha, ansin go gcoimeáda Dia ár sinsear súil oraibh agus go dtuga daorbhreith oraibh.»
19 Ansin tháinig an spiorad de ruathar ar Amásai, ceannaire an tríochad, agus dúirt sé: «Leatsa sinn, a Dháiví! Agus táimid leat, a mhic Ieise! Síocháin faoi dhó duit, agus síocháin do do lucht cúnta. Óir tá cabhair do Dhé chugat.» Ghlac Dáiví leo ansin, agus rinne oifigigh díobh ar a shaighdiúirí.
20 Ghabh cuid de chlann Mhanaise le Dáiví agus é ag dul chun catha in aghaidh Shóil. Ach níor thug sé aon chabhair dóibh siúd mar chuaigh taoisigh na bhFilistíneach i gcomhairle le chéile agus chuireadar chun siúil é. «Dá dtugadh sé cúl linn agus gabháil le Sól, a mháistir,» ar siad, «bheadh ár gceann i mbaol.»
21 Bhí sé ar a bhealach go Zicleag nuair a ghabh an mhuintir seo leanas de chlann Mhanaise leis: Adná, Iózábád, Ídíéil, Míocáéil, Iózábád, Eilíhiú, Zileatai, ceannairí míle i Manaise.
33 de chlann Íosácár, fir a thuig tráth agus antráth, agus cathain agus conas ba cheart d' Iosrael beart a dhéanamh: dhá chéad taoiseach agus a ngaolta go léir faoina gceannas;
39 Tháinig na fir chogaidh seo go léir go Heabrón in eagar catha agus é d' aidhm agus de chuspóir acu Dáiví a fhógairt ina rí ar Iosrael; bhí an chuid eile d' Iosrael chomh maith meáite ar rí a dhéanamh de Dháiví.
41 Tháinig ina theanntasan, a ngaolta ó chomh fada i gcéin le hÍosácár, Zabúlun, agus Naftáilí, le bia ar asail agus ar chamaill, ar mhiúileanna, agus ar dhaimh thug siad leo raidhse mine, cácaí figí, crobhaingí rísíní, fíon, ola, daimh agus caoirigh; mar bhí lúcháir in Iosrael.