Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Chuir Híorám rí na Tuíre teachtairí go Dáiví le hadhmad céadair agus saoir chloiche, agus saoir adhmaid, le pálás a thógáil dó. |
| 2 |
| Thuig Dáiví ansin go raibh sé daingnithe ag an Tiarna mar rí ar Iosrael, agus go raibh a réimeas á mhóradh ar mhaithe lena phobal Iosrael. |
| 3 |
| Ghlac Dáiví a thuilleadh ban chuige i Iarúsailéim agus ghin sé a thuilleadh mac agus iníonacha. |
| 4 |
| Seo iad ainmneacha na leanaí a rugadh dó in Iarúsailéim: Seamúa, Seobáb, Nátán, Solamh, |
| 5 |
| Ibcheár, Eilíseúa, Eilpilit, |
| 6 |
| Noga, Neifig, Iáifía, |
| 7 |
| Eilíseámá, Beiliádá, agus Eilífilit. |
| 8 |
| Nuair a chuala na Filistínigh gur ungadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir mháirseáil siad go léir amach ar a thóir. Chuala Dáiví ina thaobhsan agus ghabh sé amach ina gcoinne. |
| 9 |
| Nuair a tháinig na Filistínigh chuireadar cóiriú oscailte catha orthu féin i nGleann Rafáím. |
| 10 |
| Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia á rá: «An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú i mo lámha dom iad?» D' fhreagair an Tiarna é: «Ionsaigh iad! Tabharfaidh mé i do lámha duit iad.» |
| 11 |
| Ghabh siad suas go Bál Parázaím dá bhrí sin agus bhuaigh Dáiví orthu ansiúd. Dúirt Dáiví: «Rinne an Tiarna maidhm i líne mo namhad le mo chabhair, faoi mar a dhéanfadh tuile na habhann.» Tugadh, dá bhrí sin, Bál Parázaím (nó Maidhm an Tiarna) ar an áit sin. |
| 12 |
| D' fhág na Filistínigh a n-íola ansiúd agus d' ordaigh Dáiví iad a dhó, rud a rinneadh. |
| 13 |
| Tháinig na Filistínigh arís agus chuir siad cóiriú oscailte catha orthu féin sa ghleann. |
| 14 |
| Chuaigh Dáiví i gcomhairle le Dia agus d' fhreagair Dia é: «Ná hionsaigh iad ceann ar aghaidh; gabh timpeall agus cuir cath orthu os comhair na gcrann balsaim. |
| 15 |
| Nuair a chloisfidh tú trup na gcoiscéimeanna ar bharr na gcrann balsaim, ar aghaidh le d' ionsaí mar is é an Tiarna a bheidh ann ag gabháil romhat chun briseadh ar arm na bhFilistíneach.» |
| 16 |
| Rinne Dáiví mar a d' ordaigh an Tiarna dó, agus chuir sé an ruaig ar na Filistínigh ó Ghibeón ar aghaidh go dtí Bealach Gheizir. |
| 17 |
| Leath cáil Dháiví ar fud na gcríoch go léir, agus líon an Tiarna gach cine le heagla roimhe. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/1chronicles/014.mp3
29
14