Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Thóg Dáiví tithe dó féin i gcathair Dháiví agus d' ullmhaigh sé áit d' áirc an Tiarna, agus thóg both di. |
| 2 |
| Ansin dúirt Dáiví: «Ní ceadmhach ach do na Léivítigh áirc Dé a iompar, óir thogh an Tiarna iad le háirc an Tiarna a iompar agus le fónamh dó go brách.» |
| 3 |
| Chruinnigh Dáiví Iosrael go léir le chéile in Iarúsailéim chun áirc Dé a thabhairt suas chun na háite a bhí ullamh aige di. |
| 4 |
| Chruinnigh Dáiví le chéile clann Árón agus clann Léiví; |
| 5 |
| de chlann Chohát: Úiríéil an taoiseach agus a chéad gaol agus fiche; |
| 6 |
| de chlann Mharáraí: Asáiá an taoiseach agus a dhá chéad gaol agus fiche; |
| 7 |
| de chlann Ghéirseom: Ióéil an taoiseach agus a chéad gaol agus tríocha; |
| 8 |
| de chlann mhac Eilízáfán: Seamaíá an taoiseach agus a dhá chéad gaol; |
| 9 |
| de chlann Heabrón: Eilíéil an taoiseach agus a cheithre fichid gaol; |
| 10 |
| de chlann mhac Uizíéil: Aimíonádáb an taoiseach agus a dháréag gaol ar chéad. |
| 11 |
| Chuir Dáiví fios ar na sagairt Zádóc agus Aibíátár agus ar na Léivítigh Úiriéil, Asáiá, Ióéil, Seamáiá, Eilíéil agus Aimíonádáb. |
| 12 |
| Dúirt sé leosan: «Sibhse cinn finí na dteaghlach Léivíteach; naomhaígí sibh féin agus bhur ngaolta agus tugaigí áirc an Tiarna, Dia Iosrael, suas chun na háite atá ullamh agam di. |
| 13 |
| Is de bhrí nach raibh sibh ann an chéad uair a bhladhm an Tiarna ár nDia inár n-aghaidh, mar ní dheachamar faoina déin sa tslí is dual.» |
| 14 |
| Naomhaigh na sagairt agus na Léivítigh iad féin le háirc an Tiarna, Dia Iosrael, a bhreith suas. |
| 15 |
| D' iompair na Léivítigh áirc Dé agus a cuaillí ar a nguaillí faoi mar a d' ordaigh Maois de réir bhriathar an Tiarna. |
| 16 |
| Agus dúirt Dáiví le cinn urra na Léivíteach a ngaolta a cheapadh mar chantairí chun geantraí a sheinm ar a ngléasanna ceoil, ar chláirseacha, ar chruiteanna agus ar chiombail. |
| 17 |
| Ansin cheap na Léivítigh Héamán mac Ióéil; Ásáf mac Bheiriciá, duine dá ghaolta; Éatán mac Chúiseáiá, duine dá ngaolta de chlann Mharáraí; |
| 18 |
| agus ina dteanntasan, sa chéad ghrád eile, a ngaolta: Zacairiá mac Iaizíéil, Simíreámót, Íchíéil, Uiní, Eilíáb, Banáiá, Másaeiá, Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, lucht faire an gheata. |
| 19 |
| Na cantairí Héamán, Ásáf, agus Éatán bhí siadsan leis na ciombail chré-umha a bhualadh; |
| 20 |
| Zacairiá, Iáizíéil, Simíreámót, Ichíéil, Uiní, Eilíáb, Másaeiá, Banáiá bhí siadsan leis an gcruit eochrach a sheinm; |
| 21 |
| Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, Azaiziá bhíodarsan leis an mbuille a ghabháil agus an lir ochtávach a sheinm. |
| 22 |
| Canainiá ceannaire ceoil na Léivíteach, a bhí oilte ar an gceol, bhí sé le dul i gceannas air. |
| 23 |
| Bhí Beiriciá agus Ealcáná le bheith i bhfeighil gheata na háirce. |
| 24 |
| Bhí na sagairt Seabainiá, Ióiseáfát, Natanael, Amásai, Zacairiá, Banáiá, Eilíeizir, leis an stoc a shéideadh roimh áirc Dé; bhí Obaed Eadóm agus Íchiá le bheith i bhfeighil gheataí na háirce. |
| 25 |
| D' imigh Dáiví agus seanóirí Iosrael agus na ceannairí míle le háirc chonradh an Tiarna a bhreith ó theach Obaed Eadóm faoi lúcháir mhór. |
| 26 |
| De bhrí go raibh Dia ag cabhrú leis na Léivítigh a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, d' ofráil siad seacht dtarbh agus seacht reithe. |
| 27 |
| Bhí éide de línéadach mín ar Dháiví mar a bhí ar na Léivítigh go léir a bhí ag iompar na háirce, ar an cantairí agus ar Chanainiá, an té a bhí i gceannas ar cheol na gcantairí. Chaith Dáiví an t-éafód lín freisin. |
| 28 |
| Thug Iosrael go léir áirc chonradh an Tiarna aníos le gártha, le séideadh na hadhairce agus na stoc, le bualadh na gciombal, agus le téada cruite agus cláirsí ar crith. |
| 29 |
| Nuair a bhí áirc chonradh an Tiarna ag gabháil isteach i gcathair Dháiví, bhí Míceal iníon Shóil ag faire ón bhfuinneog agus chonaic sí Dáiví ag rince agus ag ábhacht os comhair an Tiarna; fuair sí drochmheas air ina croí. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/1chronicles/015.mp3
29
15