Bhí níos mó ceannairí ar chlann mhac Eileázár ná ar chlann mhac Íteámár; rinneadh dá réir sin sé roinn déag de chinn finí chlann Eileázár agus ocht gcinn díobh siúd de chlann Íteámár.
Rinneadar an dá dhream acu a eagrú ar cranna mar bhí feidhmeannaigh choisricthe, feidhmeannaigh le Dia, ar chlann Eileázár agus ar chlann Íteámár chomh maith.
Rinne duine de na Léivítigh, an scríobhaí Seamaiá mac Natanael, iad a scríobh síos i láthair an rí agus a mhaithe, agus Zádóc an sagart agus Aichímeilic mac Aibíátár agus chinn finí na sagart agus na Léivíteach. Cuireadh gach fine de chlann mhac Eileázár agus de chlann mhac Íteámár ar cranna ar a n-uair.
Ba iadsan na fir, mar a claraíodh iad de réir a ndualgas ar leith, a raibh sé de chúram orthu dul isteach i dTeampall an Tiarna de réir mar a shocraigh Árón, a sinsear, dóibh, faoi mar a d' ordaigh an Tiarna Dia Iosrael dó.
Dála a ngaolta, clann Árón, cuireadh na finí seo, idir shinsear agus shóisear, ar cranna i láthair an rí Dáiví: Zádóc, Aichímeilic agus cinn finí na sagart agus na Léivíteach.