×

Bíobla Naofa 1981

1 Croinicí 25

1
Dáiví, agus na feidhmeannaigh shinsearacha, chuir siad ar leithligh: clann mhac Ásáf agus Haemán agus Iadútún, fáithe a chanadh le tionlacan ó chruit ó chláirseach agus ó chiombal, agus rinneadh liosta díobh siúd a raibh na dualgais sin le comhlíonadh acu.
2
De chlann Ásáf: Zacúr, Iósaef, Natainiá, Aisearaelá. Bhí clann Ásáf faoi threoir Ásáf, a rinne fáidheoireacht faoi threoir an rí.
3
De Iadútún: clann mhac Iadútún: Gadailiá, Zeirí, Íseáia, [Simeí], Haisaibiá, Maititiá; bhí seisear díobh faoi threoir Iadútún, a n-athair, a rinne fáidheoireacht le tionlacan na cruite ag moladh agus ag móradh an Tiarna.
4
De Haemán: clann mhac Haemán: Buicíá, Matainiá, Uizíéil, Seabúéil, Iaraemót, Hanainiá, Hanáiní, Eilíátá, Giodailtí, Romaimtí Eizir, Iosbacáiseá, Malóití, Hóitír, Machaizíót.
5
Clann mhac Haemán an fáidh iadsan go léir. Ba iad a shéideadh an stoc mar thionlacan le briathra Dé. Bhronn Dia ceathrar mac déag agus triúr iníon ar Haemán.
6
Chanaidís go léir i dTeampall an Tiarna faoi threoir a n-athar, le tionlacan an chiombail, na cruite, na clairsí, i gcomhair an liotúirge i dteach an Tiarna faoi threoir an rí. Maidir le hÁsáf, Iadútún agus Haemán,
7
an méid díobh a bhí oilte le canadh don Tiarna, cláraíodh iad lena ngaolta; ba é líon na ndaoine a cláraíodh ná dhá chéad agus ochtó a hocht.
8
Cuireadh a dtéarmaí dualgais ar cranna dóibh go léir, idir shóisear agus shinsear, idir mháistir agus dhalta.
9
Ba é an chéad duine ar ar thit an crann an tÁsáfach, Iósaef; an dara duine, Gadailiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
10
An tríú duine, Zacúr.
11
An ceathrú duine, Ízrí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
12
An cúigiú duine, Natainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
13
An séú duine, Buicíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
14
An seachtú duine, Aisearaelá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
15
An t-ochtú duine, Íseáia, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
16
An naoú duine, Matainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
17
An deichiú duine, Simeí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
18
An t-aonú duine déag, Azarael, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
19
An dara duine déag, Haisaibíá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
20
An tríú duine déag, Seabúéil, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
21
An ceathrú duine déag, Maititiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
22
An cúigiú duine déag, Iaraemót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
23
An séú duine déag, Hanainiá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
24
An seachtú duine déag, Iosbacáiseá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
25
An t-ochtú duine déag, Hanáiní, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
26
An naoú duine déag, Malóití, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
27
An fichiú duine, Eilíátá, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
28
An t-aonú duine fichead, Hóitír, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
29
An dara duine fichead, Giodailtí, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
30
An tríú duine fichead, Machaizíót, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
31
An ceathrú duine fichead, Romaimtí Eizir, a chlann mhac agus a bhráithre, dháréag ar fad.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí