Dúirt Dáiví rí ansin leis an gcomhthionól go léir: «Solamh mo mhac, an té sin amháin a roghnaigh Dia thar chách, tá sé óg ar bheagán taithí, agus is mór é an saothar; óir ní do dhuine an pálás seo, ach don Tiarna Dia.
Rinne mé soláthar do theach mo Dhé chomh maith agus ab fhéidir; chuir mé breis óir leis an ór, airgead leis an airgead, cré-umha leis an gcré-umha, iarann leis an iarann, adhmad leis an adhmad, agus oinics, agus clocha luite; agus antamón, agus clocha ioldathacha, agus clocha lómhara de gach sórt, agus marmar.
Agus ina theanntasan, de bhreis ar gach ar sholáthraigh mé don teach naofa, tá ciste de mo chuid féin agam d' ór agus d' airgead, agus, de bharr mo dhúthrachta do theach mo Dhé, tabharfaidh mé é do theach mo Dhé
Cibé ór atá agaibh, agus cibé airgead atá agaibh, nó cibé saothar ó láimh an cheardaí atá agaibh, cé acu agaibh a dhéanfaidh é a thógáil ina láimh agus a thíolacadh go deonach don Tiarna?»
Ansin cinn na bhfiní, taoisigh na dtreibheanna, na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus maoir ghnóthaí an rí, rinne siad a n-ofrálacha deonacha.
Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n-ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a d' ofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán d' áthas.
Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
Is uaitse saibhreas agus onóir, agus is tú a rialaíonn gach ní; tá neart agus cumhacht i do láimh; ar do láimhse atá méid agus cumas a thabhairt do chách.
Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé d' acmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.
A Thiarna, a Dhia linn, tá an soláthar seo go léir curtha ar fáil againn le teach a thógáil duit i gcomhair d' ainm, ach is ó do láimhse a tháinig sé agus is leatsa é go léir.
Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t-ionracas; d' ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d' áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.
A Thiarna, Dia ár sinsear, Abrahám, Íosác agus Iosrael, cumhdaigh an tnúth agus na smaointe seo i gcroí do phobail go brách agus treoraigh a gcroí chugat féin.
Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d' aitheanta, do reachtanna, agus d' fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d' ullmhaigh mé duit a thógáil.»
Dúirt Dáiví ansin leis an gcomhthionól go léir: «Molaigí an Tiarna bhur nDia!» Agus mhol an comhthionól go léir an Tiarna, Dia a sinsear, agus chuaigh siad ar a nglúine le hómós a thabhairt don Tiarna agus don rí.
Lá arna mhárach d' ofráil siad ofrálacha agus íobairtí uileloiscthe don Tiarna míle tarbh, míle reithe, míle uan, mar aon lena n-íobairtí dí, agus le híobairtí ar son Iosrael go léir.
D' itheadar agus d' óladar an lá sin i láthair an Tiarna agus iad lán d' áthas. Ansin cheapadar Solamh mac Dháiví mar dhara rí acu agus d' ungadar é mar thaoiseach in ainm an Tiarna, agus d' ungadar Zádóc ina shagart.