×

Bíobla Naofa 1981

1 Croinicí 3

1
Seo iad clann mhac Dháiví a rugadh dó i Heabrón: an chéadghin Amnon ó Aichíonam as Izréil; an dara mac Dáníéil ó Aibiogáil ó Chairmeil.
2
An tríú mac Aibseálóm mac Mhácá iníon Talmai rí Ghisiúr; an ceathrú mac Adoiníá mac Haigít;
3
an cúigiú mac Safaitiá mac Aibíteál; an séú mac Itreám óna bhean Eaglá.
4
Rugadh seisear dó dá bhrí sin i Heabrón mar a raibh sé i réim seacht mbliana agus sé mhí. Bhí sé tríocha trí bliana i réim in Iarúsailéim.
5
Seo iad na mic a rugadh dó in Iarúsailéim: Simeá, Seobáb, Nátán, Solamh, clann Bhaitseúa iníon Aimíéil an ceathrar sin;
6
Ibcheár, Eiliseámá, Eilífilit,
7
Noga, Neifig, Iáifia,
8
Eilíseámá, Eiliádá, Eilífilit; naonúr.
9
Sin iad clann mhac uile Dháiví, seachas clann mhac na leannán. Deirfiúr dóibh ab ea Támár.
10
Sliocht Sholaimh: Rachabám, Aibíá a mhac, Ásá a mhacsan, Iahóiseáfát a mhacsan,
11
Iórám a mhacsan, Achaizíá a mhacsan, Ióáis a mhacsan,
12
Amaiziá a mhacsan, Azairiá a mhacsan, Iótám a mhacsan,
13
Áchaz a mhacsan, Hiziciá a mhacsan, Manaise a mhacsan,
14
Ámón a mhacsan, Ióisíá a mhacsan.
15
Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac.
16
Clann mhac Iahóiácaím: Iacoiniá a mhac, Zidicíá a mhacsan.
17
Clann Iacoiniá an cime: Seailtíéil a mhac;
18
Mailcíreám, Padáiá, Seanazar, Iacaimiá, Hóiseámá, Nadaibiá.
19
Clann mhac Phadáiá: Zarubáibil, Simeí. Clann mhac Zarubáibil: Misiulám agus Hanainiá; deirfiúr dóibh Sealoimít.
20
[Clann mhac Mhisiulám] Haisiubá, Óihil, Biriciá, Hasaidiá, Iúiseab Heisid; cúigear.
21
Clann mhac Hanainiá; Palaitiá, Íseáia a mhacsan; Rafáiá a mhacsan, Arnán a mhacsan, Obaidiá a mhacsan, Seacainiá a mhacsan.
22
Clann mhac Sheacainiá: Seamaiá. Clann mhac Sheamaiá: Hatúis, Igeal, Báiriá, Nairiá, Seáfát; seisear.
23
Clann mhac Nairiá; Eilióaenai, Hizcía, Aizríocám; triúr.
24
Clann mhac Eilióaenai: Hódaiviá, Eiliáisíb, Paláiá, Acúl, Ióchánán, Daláiá, Anáiní, seachtar.
Irish Bible 1981
An Sagart 1981 Úsáidtear le cead
:
Sábháil Nótaí