Clann mhac Thólá: Uizí, Rafáiá, Íríéil, Iachmai, Íobsám, Samúéil, cinn finí Thólá. Le linn Dháiví ba é a líon fiche dó míle sé chéad gaiscíoch groí, de réir a gcraobh ghinealaigh.
Clann mhac Bheala: Eazbón, Uizí, Uizíael, Irímeot agus Írí; cúigear, cinn finí, laochra tréana; áiríodh iad fiche dó míle tríocha ceathair de réir ginealaigh.
Zábád a mhacsan, Siútelach a mhacsan; Eizir agus Eileád. Mharaigh muintir Ghat [a bhí ag cur fúthu sa tír] iad mar gur thángadar anuas chun foghail a dhéanamh ar a n-eallach.
Ansin chuaigh Eafráim chun a mhná agus ghabh sí gin agus rug sí mac, agus thug sí Béiríá (.i. Mí-Ádh) mar ainm air, «mar,» a dúirt sí, «i mo theachsa bíonn mí-ádh ar dhuine.»
Ba iad a dtailte agus a n-áitribh: Béitéil agus a bhailte máguaird, Nárán lastoir, Geizir agus a bhailte máguaird laistiar, Seicim agus a bhailte máguaird, Aiá agus a bhailte máguaird.
Ba de chlann Áiséar iad sin go léir, cinn finí laochra tofa tréana, ceannairí ar fhlatha. Áiríodh ar an gceap craoibhe seo fiche sé míle fear réidh chun cogaidh.