Áiríodh Iosrael go léir de réir a gcraobha ginealaigh, agus tá siadsan scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá nuair a tugadh iad ar deoraíocht go dtí an Bhablóin de bharr a mídhílse.
Ba iad an chéad dream a chuir fúthu arís ina dtailte agus ina gcathracha ná na hIosraelaigh, na sagairt, na Léivítigh, agus freastalaithe an Teampaill.
Bhí Sealúm mac Chórae, mac Eibiásáf, mac Chorach, agus a ghaolta na Corachaigh, den chlann chéanna, freagrach i seirbhís an liotúirge; ba iad a choimhéadadh tairseacha na Botha faoi mar a choimhéadadh a sinsir campa an Tiarna agus a d' fhairidís an tslí isteach ann.
Daoine tofa ab ea na gardaí geata go léir ag na tairseacha; bhí dhá chéad agus dháréag díobh ann. Áiríodh iad de réir ginealach ina mbailte. Daingníodh iad i mbun a gcúraim ag Dáiví agus Samúéil an fáidh, de bharr a ndílseachta.
Bhíodh cuid acu i bhfeighil gréithe na seirbhíse; níorbh foláir dóibh iad a chomhaireamh nuair a thógtaí amach iad agus nuair a chuirtí ar ais isteach iad.
Maititiá, duine de na Léivítigh, céadghin Shealúm, Corachach, leagadh de dhualgas air, de bharr a dhílseachta, na habhlanna, a bhruití san oigheann, a ofráil.
Ba iadsan na cantairí, cinn finí na Léivíteach; mhairidís i seomraí an Teampaill nuair nach mbídís ar dualgas, mar bhídís ar dualgas de lá agus d' oíche.