Ann sin do labhair Solamh re Hisrael uíle, re caíptíneadh na mílteadh agus na ccéad, agus ris na breitheambnuibh, agus re gach áon úachdaran ann Israel uile, re ceannuibh na naithreach.
Mar sin do chuáidh Solamh, agus an comhchruinniughadh uile iona fhochair, don náit áird do bhi ann Gibeon; óir is annsin do bhí tabernacuil chomhchruinnigh Dé, noch do rinne Maóise searbhfhoghantuigh an TIGHEARNA ann sa bhfásach.
Tuilleamh fós do chuir sé, an altóir phráis, do rinne Besaleel mhac Uri, mhic Hur, as coinne thabernacuil an TIGHEARNA: agus do ghuidh Solamh agus an comhchruinniughadh aice.
Agus do chuáidh Solamh súas annsin gus a naltóir phráis a lathair an TIGHEARNA, noch do bhí ag tabernacuil an chomhchruinnigh, agus dofráil sé míle íodhbuirt loisge uirre.
Tabhair dhamh anois eagna agus éolus, lé a racha mé amach agus le a ttiucta mé a steach roimhe an bpobalsa: óir cía dá ttig breitheamhnus do dhéanamh air do phobal, atá comhmórsa?
Agus a dubhairt Día re Solamh, Do bhrígh go raibh so ann do chroidhe, agus nár íarr tú saidhbhrios, maóin, nó onóir, no bás do námhad, agus fós nár íarr tú sáoghal fada; achd gur íarr tú eagna agus eólus dhuit féin, go madh féidir leachd breitheamhnus do dhéanamh ar mo phobalsa, ós cionn a ndéarna mé rígh dhíot:
Do háontuigheadh eagna agus éolus duit; agus do bhéara mé saidhbhrios duit, agus maóin, agus onóir, á leithéid nach bhfúair aon do na ríghthibh do bhí romhad, agus nach bhfuighe éanduine ad diáigh a leithéid.
Agus do chruinnigh Solamh carbuid agus marcshlúagh: agus do bhí míle agus ceithre chéad carbad aige, agus dhá mhíle dhéag marcach, noch do shuidhigh se a ccaithreachaibh na ccarbad, a bhfochair an rígh ann Ierusalem.
Agus thug an rígh airgiod agus ór ann Ierusalem mar chlocha, agus do rinne croinn cédair ann amhuil croinn sicomoir noch atá san ghleann air líonmhaireachd.
Agus thugadar súas agus rugadh amach as an Négipt carbad air cheann shé chéad secel airgid, agus each ar cheann chéad agus cháogad: agus marsin thugadar léo eachraidh do ríoghuibh na Hittiteach uile, agus do ríoghuibh na Síria, le na láimhsion.