Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| Agus a luaithe a bhí a údarás ríoga bunaithe go daingean, rinne sé féin agus Iosrael go léir chomh maith dlí an Tiarna a thréigean. |
| 2 |
| Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim mar go rabhthas mídhílis don Tiarna; |
| 3 |
| bhí dhá chéad déag carbad agus trí fichid míle marcach, agus líon gan áireamh ón Éigipt ina theannta Libiaigh, Suicím agus Aetópaigh. |
| 4 |
| Ghabh sé cathracha daingne Iúdá agus tháinig chomh fada le Iarúsailéim. |
| 5 |
| Thionól Rachabám agus ceannairí Iúdá láimh le Iarúsailéim nuair a bhí Síseac ag bagairt, agus tháinig an fáidh Seamaiá chucu agus dúirt sé leo: «Mar seo a deir an Tiarna: 'Thréig sibhse mise, agus dá bhrí sin d' fhág mise sibhse i láimh Shíseac.'» |
| 6 |
| Ansin d' umhlaigh ceannairí Iúdá agus an rí iad féin agus dúirt: «Is cóir é an Tiarna.» |
| 7 |
| Nuair a chonaic an Tiarna gur umhlaíodar iad féin, tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá. «Rinne siad iad féin a umhlú,» dúirt sé, «agus ní dhéanfaidh mé iad a scriosadh. Fóirfidh mé orthu ar ball beag. Ní luífidh mo fhearg ar Iarúsailéim trí láimh Shíseac. |
| 8 |
| Beidh siad ina ndaoir aige mar sin féin i dtreo go dtuigfidís a bhfuil idir seirbhís domsa agus seirbhís do ríochtaí na dtíortha iasachta.» |
| 9 |
| Tháinig Síseac rí ná hÉigipte aníos más ea in aghaidh Iarúsailéim, agus thug sé leis na seoda ó Theampall an Tiarna agus na seoda ón bpálás ríoga; thug sé gach rud leis, fiú na sciatha óir go léir a rinne Solamh. |
| 10 |
| Ina n-áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheata pháláis an rí. |
| 11 |
| Aon uair a théadh an rí chun an Teampaill, d' iompraíodh na gardaí iad, agus thugaidís ar ais chun seomra an gharda iad ina dhiaidh sin. |
| 12 |
| De bhrí gur umhlaigh sé é féin, d' iompaigh fearg an Tiarna uaidh agus níor scrios sé ar fad é. Bhí an scéal go maith acu in Iúdá. |
| 13 |
| Dhaingnigh Rachabám a fhlaitheas in Iarúsailéim agus bhí faoi réim ann. Bhí Rachabám bliain agus daichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael go léir a thogh an Tiarna lena ainm a lonnú ann. Námá, an tAmónach mná, ab ainm dá mháthair. |
| 14 |
| Rinne sé an t-olc mar nár luigh sé ó chroí le tóraíocht an Tiarna. |
| 15 |
| An chuid eile de stair Rachabám ó thús deireadh, nach bhfuil sé go léir scríofa in Annála Sheamaiá an fáidh, agus Ideo an físí, faoi eagrú na Léivíteach agus faoin tsíorchogaíocht idir Rachabám agus Iarobám? |
| 16 |
| Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i gcathair Dháiví, a athair, agus tháinig a mhac Aibíá i gcomharbacht air. |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2chronicles/012.mp3
36
12