Bíobla Naofa 1981
|
| 1 |
| San ochtú bliain déag de réimeas an rí Iarobám, tháinig Aibíá i gcoróin ar Iúdá. |
| 2 |
| Bhí sé i réim ar feadh trí bliana in Iarúsailéim. Miocáiá ab ainm dá mháthair, iníon Úiríéil ó Ghibeá. Bhí Aibíá ag cogaíocht le Iarobám. |
| 3 |
| Chuaigh Aibíá chun catha le slua trodairí cróga, ceithre chéad míle fear tofa, agus chuir Iarobám a ocht gcéad míle de fhir thofa, gaiscígh chalma, in eagar ina aghaidh. |
| 4 |
| Sheas Aibíá ar Shliabh Zamáraím in ardáin Eafráim. |
| 5 |
| «A Iarobám agus a Iosrael go léir,» ar sé, «nach bhfuil a fhios agaibh gur thug an Tiarna flaitheas Iosrael do Dháiví agus dá shliocht go brách trí chonradh dosháraithe? |
| 6 |
| Ach dá ainneoin sin rinne Iarobám mac Nabát, searbhónta do Sholamh mac Dháiví, ceannairc in aghaidh a mháistir. |
| 7 |
| Bhailigh scraistí áirithe gan mhaith ina thimpeall, agus thugadar a ndúshlan faoi Rachabám mac Sholaimh agus Rachabám fós óg gan mhisneach agus gan ar a chumas cur ina gcoinne. |
| 8 |
| Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh. |
| 9 |
| Nár dhíbir sibh sagairt an Tiarna, sliocht Árón agus na Léivítigh, d' fhonn sagairt a dhéanamh daoibh féin dála muintir thíortha eile? Aon duine a thagann le tarbh agus le seacht reithe le hé féin a choisreacan, déantar sagart de do dhia nach dia ar bith! |
| 10 |
| Maidir linne, is é an Tiarna ár nDia agus ní dhearnamar é a thréigean; tá sagairt againn ag fónamh don Tiarna; clann Árón iad agus is Léivítigh an lucht freastail. |
| 11 |
| Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é. |
| 12 |
| Féach, tá an Tiarna linn, ar ár dtosach againn; féach a shagairt leis na stoic ar tí iad a shéideadh leis an ngáir chatha a chur suas i bhur n-aghaidh. A chlann Iosrael, ná troidigí in aghaidh an Tiarna, Dia ár sinsear, mar ní rithfidh libh.» |
| 13 |
| Chuir Iarobám buíon i luíochán timpeall laistiar le hiad a ionsaí i leith a gcúil; bhí a shluaite ar bhéala Iúdá dá bhrí sin agus an luíochán ar a gcúla. |
| 14 |
| D' fheach Iúdá ina dtimpeall agus chonaic siad lucht ionsaithe rompu amach agus ina ndiaidh. Ghlaoigh siad ar an Tiarna agus shéid na sagairt na stoic. |
| 15 |
| Chuir sluaite Iúdá a ngáir chatha suas, agus nuair a rinne siad amhlaidh, bhris an Tiarna ar Iarobám agus ar Iosrael go léir roimh Aibíá agus Iúdá. |
| 16 |
| Theith clann Iosrael roimh Iúdá agus thug Dia ar láimh dóibh iad. |
| 17 |
| Rinne Aibíá agus a shluaite ár agus eirleach orthu; thit cúig céad míle d' fhir thofa Iosrael marbh ar pháirc an áir. |
| 18 |
| Cloíodh clann Iosrael an uair sin agus bhí an lá le Iúdá ar an gcuma sin mar go raibh muinín acu as an Tiarna, Dia a sinsear. |
| 19 |
| Chuaigh Aibíá sa tóir ar Iarobám agus ghabh cathracha áirithe uaidh, Béitéil lena shráidbhailte, Iseáná lena shráidbhailte, agus Eafrón lena shráidbhailte. |
| 20 |
| Níor fhéad Iarobám a chumhacht a ghnóthú ar ais le linn Aibíá, agus threascair an Tiarna é agus d' éag sé. |
| 21 |
| Ach chuaigh Aibíá i neart; thóg sé ceathrar ban déag chuige féin agus ghin sé beirt mhac ar fhichid agus seisear iníonacha déag. |
| 22 |
| An chuid eile de stair Aibíá, a bhearta agus a ghníomhartha, nach bhfuil sin go léir scríofa i scéala an fháidh Ideo? |
|
| Sábháil Nótaí |
https://beblia.bible:81/BibleAudio/irish/2chronicles/013.mp3
36
13