Agus do chúaidh sé amach a ccoinne Asa, agus a dubhairt ris, Eistigh riomsa, Asa, agus Iúdah uile agus a Bheniamin; Atá an TIGHEARNA maille ribh, an feadh bhéithi maille ris; agus má íarthaoi é, atá se ar fagháil agaibh; acht ma thréigthí é, tréigfidh sé sibh.
Agus annsna haimsearuibh sin ní raibh síothcháin ar bith ag an tí do rachadh amach, nó ag an tí do thiucfadh a steach, acht búaidheartha móra air gach uile áitreabhach na ccríoch.
¶ Agus an tan do chúala Asa na briathrasó, agus tairghire Oded an fáigh, do ghabh meanma é, agus do theilg sé seachad na hiodhail adhfhuathmhara as crích Iúdah agus Bheniamin uile, agus as na caithreacaibh do ghabh se do shlíabh Ephraim, agus do athnúaghuidh sé altóir an TIGHEARNA, do bhí roimhe poirse an TIGHEARNA.
Agus do chruinnigh sé Iúdah agus Beniamin uile, agus coimhighthigh maille riú as Ephraim agus Manasseh, agus as Símeon: óir do fhilleadar mórán Disrael air, a núair do chonncadar go raibh a THIGHEARNA Día leis.
Agus do lúathgháir Iúdah uile leis na mionnuibhsin: óir do mhionnuigheadar le na nuile croidhe, agus díarradar é le na ttoil iomlain; agus fúaradar é: agus thug an TIGHEARNA socracht dhóibh timchioll fa ccuáirt.
¶ Agus mar an ccéadna Maachah mathair Asa an rígh, do athruigh sé í ó bheith na bainríoghain, do bhrígh go ndéaruuidh sí íomháighe a ngarrán: agus do gheárr Asa síos a híomháigh, agus do mhionbhrúigh í, agus do loisg sé í ag sruth Cedron.